Áras na nGael
Is é Áras na nGael lárionad Gaeilge na Gaillimhe agus ceanncheathrú ghluaiseacht dheonach na Gaeilge i gCathair na Gaillimhe le breis agus 25 bliana anuas. Bíonn an tÁras ar oscailt ó cheann ceann na bliana, ó mhaidin go hoíche, agus tugann breis agus 10,000 duine cuairt ar an Áras le linn na bliana. Tá breis agus 25 grúpa ag baint úsáide as an Áras i láthair na huaire.
Dún Mhuire
Is é Dún Mhuire lárionad Gaeilge an Aonaigh i gCo. Thiobraid Árann agus is ann atá oifig, naíonra, leabhair agus cartaí ar díol, halla taispeántais, agus seomraí cruinnithe agus ranganna. Tá sí mar aidhm ag Conradh na Gaeilge ar an Aonach an Ghaeilge a spreagadh, a chur chun cinn, a labhairt agus a leathnú san Aonach féin agus sa cheantar máguaird. Bíonn oícheanta amhránaíochta agus ceoil, féilte, Seachtain na Gaeilge, imeachtaí do dhaoine óga, léachtaí, drámaí, agus ranganna ar siúl go rialta i nDún Mhuire chuige sin.
Gaeláras Mhic Ardghail
Is cultúrlann úrnua agus lárionad Gaeilge ar an Iúr, Co. an Dúin é Gaeláras Mhic Ardghail. Cuireann an t-áras áiseanna oideachais, cultúrtha agus sóisialta ar fáil do Ghaeilgeoirí an Iúir agus Mhúrn. Sheol Craobh an Iúir de Chonradh na Gaeilge Gaeláras Mhic Ardghail ar 18 Feabhra 2013 mar thoradh ar chomhpháirtíocht dhícheallach idir Comhairle an Iúir agus Mhúrn, An Ciste Infheistíochta Gaeilge, Comhaltas Uladh agus Craobh an Iúir í féin.
Halla Íde
Teach na Gaeilge
Is é Teach na Gaeilge lárionad Gaeilge Mhaigh Cuilinn i gCo. na Gaillimhe. Tógadh an lárionad ar shuíomh a chuir an Cumann Forbartha áitiúil ar fáil saor in aisce sa bhliain 2011 agus is é Conradh na Gaeilge Mhaigh Cuilinn féin a rinne an foirgneamh nua a mhaoiniú; níl aon mhaoiniú stáit faighte ag an bhforbairt nua. Rinne baill Chraobh Mhaigh Cuilinn de Chonradh na Gaeilge agus daoine eile sa pharóiste an obair thógála ar an bhfoirgneamh ar bhonn deonach, faoi stiúir Niall Uí Chéirín, ailtire.