Uachtarán Chonradh na Gaeilge

Uachtarán Coilín Ó CearbhaillToghadh Cóilín Ó Cearbhaill ó Choiste Contae Bhaile Átha Cliath ina Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge den chéad uair ag Ard-Fheis na heagraíochta in Óstán na nAirde, Cill Airne, Co. Chiarraí, ar 01 Márta 2014. Bhí Ó Cearbhaill ina Thánaiste ar Choiste Gnó an Chonartha le blianta beaga sular toghadh ina Uachtarán é.

Is as Ard Aidhin i mBaile Átha Cliath don Uasal Ó Cearbhaill, agus bhí sé ina bhall den Choiste Gnó, den Bhuanchoiste agus de Choiste Náisiúnta an Oireachtais thar cheann an Chonartha i gcaitheamh na mblianta. Is Cathaoirleach reatha é ar Chlub Chonradh na Gaeilge ag 6 Sráid Fhearchair, an t-aon chlub lánGhaeilge i mBaile Átha Cliath, agus bainisteoir ar fhoireann peile Na Gaeil Óga CLG, an t-aon chumann lánGhaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht oifigiúil. Stiúrthóir ar Rith Teoranta agus ar Ghlór na nGael Teoranta é fosta, olllrith náisiúnta ar son na Gaeilge agus comórtas poiblí chun an teanga a chur chun cinn faoi seach.

Agus an Uachtaránacht ar fhóram daonlathach phobal na Gaeilge á glacadh aige i Márta 2014, dúirt Cóilín Ó Cearbhaill:

“Táim ag tnúth le tabhairt faoin dúshlán atá romham mar Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge agus tréimhse chinniúnach don Ghaeilge os ár gcomhair. Tá pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta thuaidh theas spreagtha chun gnímh agus a gcearta teanga á lorg acu ó na Rialtais. Ní mór do na státchórais agus na polaiteoirí sa ar fud an oileáin cosaint agus tacaíocht sásúil a thabhairt do phobal na Gaeilge ar fud na tíre, agus go gcinntítear go mbíonn Gaeilge líofa ag fostaithe stáit a bheidh ag freastal ar phobal na Gaeltachta, gan cheist, gan choinníoll faoi dheireadh 2016.”

IAR-UACHTARÁIN CHONRADH NA GAEILGE (1893 - 2014):

1893 - 1915 Dúbhglas de hÍde (An Chraoibhín Aoibhinn) (1860 - 1949)
1915 - 1916 Folúntas
1916 - 1919 Eoin Mac Néill (1867 - 1945)
1919 - 1922 Seán Ua Ceallaigh (Sceilg) (1872 - 1957)
1922 - 1925 Peadar Mac Fhionnlaoich (Cú Uladh) (1856 - 1942)
1925 - 1926 An Dr. Seán P. Mac Énrí (1862 - 1930)
1926 - 1928 Cormac Breatnach (1886 - 1956)
1928 - 1933 Mac Giolla Bhríde (An Tiarna Ashbourne) (1868 - 1942)
1933 - 1940 Peadar Mac Fhionnlaoich (Cú Uladh) (1856 - 1942)
1940 - 1941 Liam Ó Buachalla (1899 - 1970)
1941 - 1942 Seán Óg Ó Tuama (1912 - 1980)
1942 - 1945 Diarmuid Mac Fhionnlaoich (1903 - 1964)
1945 - 1946 Seán Mac Gearailt (1916 - 2004)
1946 - 1949 Liam Ó Luanaigh (1914 - 1998)
1949 - 1950 Diarmuid Mac Fhionnlaoich (1903 - 1964)
1950 - 1952 Annraoi Ó Liatháin (1917 - 1981)
1952 - 1955 Seán Mac Gearailt (1916 - 2004)
1955 - 1959 Tomás Ó Muircheartaigh (1907 - 1967)
1959 - 1965 Micheál Mac Cárthaigh (1911 - 1983)
1965 - 1968 Cathal Ó Feinneadha (1928)
1968 - 1974 Maolsheachlainn Ó Caollaí (1939)
1974 - 1979 Pádraig Ó Snodaigh (1935)
1979 - 1982 Albert Fry (1940)
1982 - 1985 Micheál Ó Murchú (An Gabha Gaelach) (1918 - 1990)
1985 - 1989 Íte Ní Chionnaith (1953)
1989 - 1994 Proinsias Mac Aonghusa (1933 - 2002)
1994 - 1995 Áine de Baróid (1950)
1995 - 1998 Gearóid Ó Cairealláin (1957)
1998 - 2003 Tomás Mac Ruairí (1939)
2003 - 2004 Séagh Mac Siúrdáin (1958)
2004 - 2005 Nollaig Ó Gadhra (1943 - 2008)
2005 - 2008 Dáithí Mac Cárthaigh (1968)
2008 - 2011 Pádraig Mac Fhearghusa (1947)
2011 - 2014 Donnchadh Ó hAodha (1944)

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge