Seachtain na Gaeilge

Seachtain na Gaeilge

Is féile idirnáisiúnta Ghaeilge í Seachtain na Gaeilge, atá ar an gceiliúradh is mó dár dteanga agus dár gcultúr dúchais a bhíonn ar siúl in Éirinn agus in go leor tíortha eile gach bliain. Tá féile na bliana seo chugainn ar siúl ó 1– 17 Márta 2014. Tugann an fhéile deis go gach uile dhuine sult a bhaint as an nGaeilge, idir chainteoirí dúchais, fhoghlaimeoirí agus lucht an chúpla focal ar aon, trí fhéilire imeachtaí siamsúla agus spraíúla a chur ar fáil do gach cineál suime agus gach aoisghrúpa. Is grúpaí deonacha agus pobail, comhairlí áitiúla, scoileanna, leabharlanna, agus eagrais cheoil, spóirt, ealaíon agus chultúrtha a eagraíonn imeachtaí ina gceantar féin do Sheachtain na Gaeilge. Is le gach duine an Ghaeilge, is le gach pobal Seachtain na Gaeilge – Croí na Teanga, It’s You! www.snag.ie

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge