Oireachtas na Gaeilge

Oireachtas na GaeilgeOireachtas na Gaeilge tiomanta ar na healaíona dúchasacha agus ar nua-litríocht na Gaeilge a chur chun cinn. Eagraíonn siad raon leathan imeachtaí i rith na bliana chun iad a cheiliúradh, ina measc Comórtais Liteartha an Oireachtais, Gradaim Chumarsáide an Oireachtais agus Oireachtas na Samhna atá ina príomhfhéile bhliantúil de chuid na nGael. Bíonn comórtais ardáin ina leithéid de rince aonair agus amhránaíocht ar an sean-nós, agallaimh bheirte, lúibíní, scéalaíocht, amhráin nua-chumtha, uirlisí ceoil éagsúla agus eile mar chuid den fhéile, mar aon le seisiúin, comhdhálacha, seimineáir, taispeántais, drámaí, ócáidí seolta agus imeachtaí breise eile. www.antoireachtas.ie

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge