bliain na gaeilge 2018

Bunreacht Chonradh na Gaeilge

Bunreacht Chonradh na Gaeilge 2018

(a) Ainm, Aidhm agus Cuspóir na hEagraíochta:

  1. Conradh na Gaeilge is ainm don Eagraíocht.
  2. Is í aidhm na hEagraíochta an Ghaeilge a athréimniú mar ghnáththeanga na hÉireann.
  3. Is é cuspóir na hEagraíochta, daoine a spreagadh chun feidhmiú ar son na haidhme trí, i measc rudaí eile:
    1. cur le líon lucht labhartha na Gaeilge;
    2. cur le líon na dteaghlach a thógann clann le Gaeilge;
    3. cur le stádas na Gaeilge de jure agus de facto in Éirinn agus thar lear;
    4. gach tacaíocht, gach seirbhís agus gach áis a bheith ar fáil chun saol a chaitheamh trí Ghaeilge in Éirinn;
    5. cur le líon na n-eagraíochtaí, le líon na n-institiúidí, le líon na n-institiúidí oideachais agus oiliúna, le líon na ngnóthlachtaí agus le líon na n-imeachtaí a fheidhmíonn trí Ghaeilge;
    6. seasamh le forlámhas na Gaeilge mar theanga an phobail sna limistéir Ghaeltachta agus pobail nua Ghaeltachta a bhunú;
    7. stocaireacht a dhéanamh ar son na Gaeilge
    8. ionadaíocht a dhéanamh thar ceann lucht labhartha na Gaeilge;
    9. aidhm agus cuspóirí na hEagraíochta a chraobhscaoileadh le briathar agus le gníomh.
  4. Is iad saintréithe na hEagraíochta: an daonlathas, oscailteacht, rannpháirtíocht, comhionannas, uileghabhálachas, dínit an duine agus cearta an duine.

(b) Baill:

  1. Ní foláir do dhuine d’fhonn a bheith ina b(h)all den Eagraíocht:
    1. Cloí le haidhm agus le saintréithe na hEagraíochta mar a léirítear iad i mBunreacht na hEagraíochta;
    2. Páirt ghníomhach a ghlacadh in obair na hEagraíochta;
    3. Bheith in a b(h)all de chraobh atá cláraithe nó a bheith ina b(h)all aonair faoi réir an Bhunreachta seo.

(c) Bunrialacha na hEagraíochta:

  1. Is feidhm do gach craobh cruinniú a ghairm uair sa ráithe ar a laghad agus do gach coiste contae agus do gach coiste cúige cruinniú a ghairm dhá uair sa bhliain ar a laghad.
  2. Aon chinneadh a dhéanfar ag cruinniú ar bith de chuid na hEagraíochta, mura bhfolaítear a mhalairt sa Bhunreacht seo ina thaobh, is le vótáil agus le móramh simplí a dhéanfar é.
  3. Beidh vóta réitigh ag cathaoirleach gach coiste de chuid na hEagraíochta;
  4. Cláróidh gach craobh, gach ball aonair, gach coiste contae, agus gach coiste cúige le hArd-Oifig na hEagraíochta (“an Ard-Oifig”) go bliantúil faoi réir na gcoinníollacha a chinnfidh an Ard-Fheis nó an Coiste Gnó ó am go chéile.
  5. Ní foláir do gach rúnaí coiste lena mbaineann agus do gach ball aonair, de réir mar is cuí, sonraí teagmhála oifigigh na craoibhe, nó an choiste chontae, nó an choiste chúige agus sonraí teagmhála gach baill aonair a chur chuig Ard-Oifig na hEagraíochta go bliantúil.
  6. Ní foláir do gach ball aonair, do gach chraobh, do gach coiste contae agus do gach coiste cúige déanamh de réir na gcoinníollacha a chinnfidh an Coiste Gnó ó am go chéile chun go nglacfadh an Coiste Gnó leo mar chuid den Eagraíocht.
  7. Is i nGaeilge a dhéanfar riaradh agus bainistiú na hEagraíochta. Is ceadmhach teangacha eile a úsáid go tánaisteach chun soiscéal na hEagraíochta a scaipeadh ar dhaoine agus ar eagrais nach baill nó nach cuid den Eagraíocht iad nó nach dtagann faoi scáth na hEagraíochta.
  8. Ní ceadmhach do chraobh ná do choiste de chuid na hEagraíochta páirt ná plé a bheith aige nó aici in aon aighneas nach mbaineann le haidhm ná le cuspóirí na hEagraíochta.
  9. Tá gach craobh agus coiste de chuid na hEagraíochta freagrach as a chuid nó as a cuid dliteanais féin. I gcás cuntas díomhaoin ar bith in ainm craoibhe nó coiste ar bith de chuid na hEagraíochta féadfaidh an Buanchoiste cuntas den sórt sin a dhúnadh agus an t-airgead sin a chur le Lárchiste na hEagraíochta.

(d) Craobhacha:

  1. Is í an chraobh bunaonad na hEagraíochta.
  2. Is féidir Craobh a bhunú ach seisear a theacht le chéile chuige sin agus aontú an Choiste Ghnó chuige a fháil ar chomhairle an Choiste Chontae más ann dó.
  3. Ní foláir ceathrar oifigeach ar a laghad a bheith ag gach craobh (Cathaoirleach, Rúnaí agus Cisteoir ina measc). Féadfaidh gach craobh Oifigeach Óige, Oifigeach Caidreamh Poiblí agus Oifigeach Feachtais a cheapadh.
  4. Is feidhm do gach craobh:
    1. An Ghaeilge a chur chun cinn;
    2. Imeacht poiblí amháin ar a laghad a eagrú gach bliain;
    3. An táille chláraithe bhliantúil, a shocróidh an Coiste Gnó ó am go chéile, a íoc leis an Ard-Oifig;
    4. Bailiúchán do Chiste na Teanga a dhéanamh uair sa bhliain faoi réir na rialacha a chinnfidh an Coiste Gnó;
    5. Beirt theachtaí eagraíochta a chur chuig an Ard-Fheis;
    6. Orduithe dlisteanacha an Choiste Ghnó a chomhlíonadh agus ceadú don Choiste Gnó ionadaí nó ionadaithe a chur chuig cruinnithe na craoibhe cibé uair a iarrann an Coiste Gnó amhlaidh;
    7. Baill nua a earcú.
    8. Plean comhtháite teanga a chur le chéile bunaithe ar threoirlínte ó Chonradh na Gaeilge.
  5. Ní foláir do gach craobh cruinniú cinn bhliana do bhallraíocht iomlán cláraithe na craoibhe a thionól uair sa bhliain . Chuige sin ní foláir fógra 7 lá ar a laghad a thabhairt do gach ball cláraithe de chuid na craoibhe.
  6. Ní ceadmhach ach do bhaill chraoibhe ionadaíocht a dhéanamh thar ceann na craoibhe sin.
  7. Ní ceadmhach do bhall den Eagraíocht bheith ina b(h)all cláraithe ach in aon chraobh amháin ag aon am ar leith.
  8. Toghfaidh coiste na craoibhe teachtaí le freastal ar chruinnithe den choiste contae, más ann dó, agus ar an Ard-Fheis de réir mar is gá. I gcás práinne is féidir leis an gcoiste an chumhacht sin a tharmligean le cathaoirleach na craoibhe.
  9. Ní foláir don Rúnaí craoibhe léirchuntas a choimeád ar bhallraíocht na craoibhe, cuntas a chuimseoidh ainm agus seoladh gach baill.
  10. Ní foláir don Chisteoir craoibhe léirchuntas a choimeád ar mhaoin agus ar shócmhainní uile na craoibhe.

(e) Coistí Contae:

  1. Féadfadh trí chraobh ar a laghad sa chontae céanna teacht le chéile chun choiste contae a chur ar bun faoi réir na gcoinníollacha a fhoráiltear leis an mBunreacht seo agus faoi réir na gcoinníollacha a chinnfidh an Coiste Gnó ó am go chéile
  2. Toghfaidh gach craobh sa chontae beirt bhall ar an gcoiste contae. Toghfaidh an coiste contae a chuid oifigeach féin. Ní foláir ar a laghad ceathrar oifigeach a bheith ag gach coiste contae (Cathaoirleach, Rúnaí agus Cisteoir ina measc). Féadfaidh gach coiste contae Oifigeach Óige, Oifigeach Caidreamh Poiblí agus Oifigeach Feachtais a cheapadh.
  3. Is feidhm do gach coiste contae:
    1. Comhordú a dhéanamh agus tacaíocht a thabhairt do chur chun cinn na Gaeilge sa Chontae, ach go háirithe i gcomhair le craobhacha na hEagraíochta sa Chontae;
    2. Imeacht poiblí mór amháin ar a laghad a eagrú gach bliain;
    3. An táille chláraithe bhliantúil, a shocróidh an Coiste Gnó ó am go chéile, a íoc leis an Ard-Oifig;
    4. Beirt theachtaí eagraíochta a chur chuig an Ard-Fheis;
    5. Teachta amháin agus teachta ionaid a thoghadh gach bliain le freastal ar chruinnithe den Choiste Gnó agus le feidhmiú mar bhall den Choiste Gnó ag na cruinnithe sin;
    6. Orduithe dlisteanacha an Choiste Ghnó a chomhlíonadh agus ceadú don Choiste Gnó ionadaí nó ionadaithe a chur chuig cruinnithe an choiste cibé uair a iarrann an Coiste Gnó amhlaidh.
  4. Ní foláir do gach coiste contae cruinniú cinn bhliana a thionól uair sa bhliain. Chuige sin, ní foláir fógra 7 lá ar a laghad a thabhairt do gach teachta.
  5. Féadfaidh gach craobh sa chontae suas le cúigear teachtaí a chur go dtí cruinniú cinn bhliana an choiste chontae. Beidh oifigigh an choiste chontae ina dteachtaí chomh maith.
  6. Ní ceadmhach ach don té a bheidh roghnaithe ag baill an choiste chontae as a measc féin ionadaíocht a dhéanamh thar ceann an choiste chontae.
  7. I gcás ceantar faoi leith féadfaidh trí chraobh ar a laghad iarratas a dhéanamh ar an an gCoiste Gnó go n-aithneofaí coiste ceantair don cheantar sin ar an dul ceanann céanna agus leis na cearta agus na dualgais ceanann céanna le coiste contae.

(f) Coistí Cúige:

  1. Féadfadh trí choiste contae ar a laghad sa chúige céanna teacht le chéile chun choiste cúige a chur ar bun faoi réir na gcoinníollacha a fhoráiltear leis an mBunreacht seo agus faoi réir na gcoinníollacha a chinnfidh an Coiste Gnó ó am go chéile .
  2. Toghfaidh gach coiste contae sa chúige beirt bhall ar an gcoiste cúige. Toghfaidh an coiste cúige a chuid oifigeach féin. Ní foláir ar a laghad ceathrar oifigeach a bheith ag gach coiste cúige (Cathaoirleach, Rúnaí agus Cisteoir ina measc). Féadfaidh gach coiste cúige Oifigeach Óige, Oifigeach Caidreamh Poiblí agus Oifigeach Feachtais a cheapadh.
  3. Is feidhm do gach coiste cúige:
    1. Comhordú a dhéanamh agus tacaíocht a thabhairt do chur chun cinn na Gaeilge sa Chúige, ach go háirithe i gcomhair le coistí contae na hEagraíochta sa Chúige;
    2. Imeacht poiblí mór amháin ar a laghad a eagrú gach bliain;
    3. An táille chláraithe bhliantúil, a shocróidh an Coiste Gnó ó am go chéile, a íoc leis an Ard-Oifig;
    4. Beirt theachtaí eagraíochta a chur chuig an Ard-Fheis;
    5. Teachta amháin agus teachta ionaid a thoghadh gach bliain le freastal ar chruinnithe den Choiste Gnó agus le feidhmiú mar bhall den Choiste Gnó ag na cruinnithe sin;
    6. Orduithe dlisteanacha an Choiste Ghnó a chomhlíonadh agus ceadú don Choiste Gnó ionadaí nó ionadaithe a chur chuig cruinnithe an choiste cibé uair a iarrann an Coiste Gnó amhlaidh.
  4. Ní foláir do gach coiste cúige cruinniú cinn bhliana a thionól uair sa bhliain . Chuige sin ní foláir fógra 7 lá, ar a laghad, a thabhairt do gach teachta.
  5. Féadfaidh gach craobh sa chúige cúigear teachtaí a chur go dtí an cruinniú cinn bhliana. Féadfaidh gach coiste contae sa chúige beirt theachtaí a chur go dtí an cruinniú cinn bhliana. Beidh oifigigh an choiste chúige ina dteachtaí chomh maith.
  6. Ní ceadmhach ach don té a bheidh roghnaithe ag baill an choiste chúige as a measc féin ionadaíocht a dhéanamh thar ceann an choiste chúige.
  7. Ní bheidh ach coiste cúige amháin in aon chúige amháin.
  8. Comhaltas Uladh a bheidh mar ainm ar an gcoiste cúige i gCúige Uladh. Dáil na Mumhan a bheidh mar ainm ar an gcoiste cúige i gCúige Mumhan. Dáil Laighean a bheidh mar ainm ar an gcoiste cúige i gCúige Laighean. Dáil Chonnacht a bheidh mar ainm ar an gcoiste cúige i gCúige Chonnacht. In ainneoin sin agus le haontú an Choiste Ghnó féadfadh coiste cúige a rogha ainm a ghlacadh chuige féin.
  9. Beidh an coiste contae i gContae Lú páirteach mar chuid den choiste cúige i gCúige Uladh.

(g) Baill Aonair:

  1. Féadfadh ball aonair clárú leis an Eagraíocht faoi réir na gcoinníollacha a fhoráiltear leis an mBunreacht seo agus faoi réir na gcoinníollacha a chinnfidh an Coiste Gnó ó am go chéile.
  2. Is feidhm do gach ball aonair:
    1. A bheith gníomhach i gcur chun cinn na Gaeilge;
    2. An táille chláraithe bhliantúil, a shocróidh an Coiste Gnó ó am go chéile, a íoc leis an Ard-Oifig;
    3. A bheith ina t(h)eachta aonair ag an Ard-Fheis;
    4. Orduithe dlisteanacha an Choiste Gnó a chomhlíonadh.

(h) An Coiste Gnó:

  1. Beidh an Coiste Gnó mar ardchomhlacht cheannais ar an Eagraíocht ó Ard-Fheis go hArd-Fheis, agus ní bheidh dul thar bhreith an Choiste Ghnó maidir le brí an Bhunreachta. Beidh dlínse ag an gCoiste Gnó ar an Eagraíocht uile i ngach ní a bhaineann le smacht, le hairgeadas agus le maoin na hEagraíochta faoi réir fhorálacha an Bhunreachta seo. Beidh breith an Choiste Ghnó san uile ní a bhaineann le gnóthaí na hEagraíochta ceangailteach ar bhaill, ar chraobhacha, agus ar choistí uile na hEagraíochta.
  2. Beidh ina mbaill den Choiste Gnó:
    1. Uachtarán na hEagraíochta arna thoghadh ag teachtaí eagraíochta agus teachtaí aonair na hArd-Fheise;
    2. Tánaiste na hEagraíochta arna thoghadh ag an gCoiste Gnó;
    3. Teachta amháin thar ceann gach coiste cúige agus thar ceann gach coiste contae;
    4. Dáréag arna dtoghadh ag na teachtaí eagraíochta ag an Ard-Fheis;
    5. Beirt arna dtoghadh ag na baill aonair ag an Ard-Fheis;
    6. Teachta amháin thar ceann gach eagraíochta a thagann faoi scáth Chonradh na Gaeilge faoi réir an Bhunreachta seo;
  3. Fanfaidh gach Coiste Gnó i réim go dtí an chéad chruinniú den Choiste Gnó nua tar éis na hArd-Fheise bliantúla.
  4. Tionólfar cruinniú den Choiste Gnó gach ré mí ar a laghad. Féadfaidh an tUachtarán cruinnithe breise a thionól má shíleann sé nó sí a leithéid a bheith riachtanach. Tionólfaidh an tUachtarán cruinniú práinne den Choiste Gnó má fhaigheann sé nó sí litir á éileamh sin arna síniú ag dáréag ball den Choiste Gnó.
  5. Beidh an tUachtarán ina c(h)athaoirleach ar chruinnithe den Choiste Gnó. Feidhmeoidh an Tánaiste mar chathaoirleach ar chruinnithe den Choiste Gnó má bhíonn an tUachtarán as láthair agus i gcás an Tánaiste a bheith as láthair freisin, toghfaidh na baill a bheas i láthair duine as a measc féin le feidhmiú mar chathaoirleach don chruinniú sin.
  6. I gcás aon ábhair a mbeidh coimhlint leasa i gceist do bhall ar bith den Choiste Gnó ní foláir don bhall sin an cruinniú a fhágáil an fhad is atá an t-ábhar sin á phlé.
  7. Tig leis an gCoiste Gnó ballraíocht baill ar bith nó craoibhe ar bith, nó coiste ar bith de chuid na hEagraíochta a bhaint dó nó di nó an bhallraíocht sin a chur ar fionraí má chruthaítear gur sháraigh an ball sin nó an chraobh sin nó an coiste sin forálacha an Bhunreachta seo, agus ní bheidh an ball, nó an chraobh, nó an coiste a chuirfear as feidhm nó ar fionraí amhlaidh i dteideal athchlárú leis an Eagraíocht go dtí go ngeallann sé nó sí gan an Bunreacht seo a shárú arís. Déanfar gach gníomh de bhun an ailt seo faoi réir an cheartais aiceanta.
  8. Ní foláir don Choiste Gnó a chur faoi deara go ndéanfaidh iniúchóir faoi phár iniúchóireacht chinn bhliana ar chuntais na hEagraíochta (ar a ngairmtear “An Lárchiste” ) ach is féidir leis an gCoiste Gnó iniúchóireacht faoi leith ar an Lárchiste a ordú aon tráth a shíleann an Coiste Gnó é sin a bheith oiriúnach.
  9. Is é an Coiste Gnó a cheapfaidh agus a shocróidh tuarastal agus coinníollacha ceapacháin agus oibre an Ard-Rúnaí agus is ceadmhach don Choiste Gnó aon duine a cheapfar amhlaidh a chur faoi bhannaí dílse don tsuim a shíleann an Coiste Gnó a bheidh oiriúnach.
  10. Aon bhall den Choiste Gnó a bheidh as láthair ó thrí chruinniú den Choiste Gnó as a chéile, rachaidh a b(h)allraíocht den Choiste Gnó as feidhm.
  11. Má tharlaíonn ó Ard-Fheis go chéile folúntas ar an gCoiste Gnó, seachas ballraíocht thar ceann scáth-eagraíochta, coiste chontae, nó coistí chúige, is faoin gCoiste Gnó a bheidh sé an folúntas sin a líonadh ach ní foláir a fhógairt roimh ré ar chlár an chruinnithe i gceist líonadh an fholúntais sin a bheith beartaithe.
  12. Beidh údarás ag an gCoiste Gnó plé le haighneas ar bith nó le ceist ar bith a bhaineann le smacht, le hairgeadas, le maoin, le haidhm, le cuspóirí nó le gnóthaí ar bith eile de chuid na hEagraíochta nó aon ní ag éirí astu nó aon cheann acu agus cinneadh a dhéanamh i dtaobh na ceiste agus/nó an aighnis sin agus beidh an cinneadh sin ceangailteach ar gach ball, ar gach craobh agus ar gach coiste de chuid na hEagraíochta agus ní bheidh aon dul thar chinneadh an Choiste Ghnó.

(i) An Buanchoiste agus Fochoistí eile:

  1. Beidh Buanchoiste ann a stiúrfaidh acmhainní daonna, forbairt, agus cúrsaí airgeadais na hEagraíochta. Cuirfidh an Buanchoiste an Coiste Gnó ar an eolas maidir le gach cinneadh a ghlacfaidh an Buanchoiste. Feidhmeoidh an Buanchoiste mar choiste riaracháin na hEagraíochta idir chruinnithe den Choiste Gnó.
  2. Is faoi údarás an Bhuanchoiste a shíneofar gach seic a íocfar as an Lárchiste.
  3. Beidh ina mbaill den Bhuanchoiste:
    1. An tUachtarán;
    2. An Tánaiste;
    3. Cúigear ball eile den Choiste Gnó a thoghfaidh an Coiste Gnó as a measc féin ag an gcéad chruinniú den Choiste Gnó tar éis na hArd-Fheise bliantúla;
    4. Cathaoirligh na nDála Cúige nó ionadaithe eile ó na Coistí Cúige
  4. Fanfaidh gach Buanchoiste i réim go dtí an chéad chruinniú den Bhuanchoiste nua tar éis na hArd-Fheise bliantúla.
  5. Tionólfar cruinniú den Bhuanchoiste gach ré mí ar a laghad. Féadfaidh an tUachtarán cruinnithe breise a thionól má shíleann sé nó sí a leithéid a bheith riachtanach. Tionólfaidh an tUachtarán cruinniú práinne den Bhuanchoiste má fhaigheann sé nó sí litir á éileamh sin arna síniú ag cuigear ball den Bhuanchoiste.
  6. I gcás aon ábhair a mbeidh coimhlint leasa i gceist do bhall ar bith den Bhuanchoiste ní foláir don bhall sin an cruinniú a fhágáil an fhad is atá an t-ábhar sin á phlé.
  7. Cuirfear maoin airgid na hEagraíochta, oiread is a bheidh faoi réir an Choiste Ghnó, i gcuntas bainc in ainm “Conradh na Gaeilge” ar moladh an Bhuanchoiste, chun aidhm agus cuspóir na hEagraíochta a shlánú agus ní ceadmhach an t-airgead sin a chaitheamh ar aon ghnó eile.
  8. Aon chuid de mhaoin airgid na hEagraíochta, oiread is a bheidh faoi réir an Choiste Ghnó nach riachtanach de réir an Choiste Ghnó, i láthair aon uaire, chun aidhm agus cuspóir na hEagraíochta a chur i gcrích nó chun fiacha a ghlanadh, is ceadmhach í a infheistiú go cuí ar mholadh an Bhuanchoiste.
  9. Chun aidhm agus cuspóir na hEagraíochta a bhaint amach, féadfaidh an Buanchoiste, le cead ón gCoiste Gnó, iasachtaí le pé ús a bhaineann leis an ngaraíocht a chuirtear ar fáil, a fháil trí rótharraingt, iasacht théarmach, chuntas iasachta nó eile, agus urrús a thabhairt i leith na n-iasachtaí agus an úis sin. Gheobhaidh an Eagraíocht na hiasachtaí sin in ainm na nIontaobhaithe.
  10. Ní ceadmhach íocaíocht ar bith a dhéanamh as Lárchiste na hEagraíochta ach i gcomhthéacs na spriocanna aontaithe oibre agus caiteachais a chinnfidh an Coiste Gnó agus an Buanchoiste de réir mar is cuí.
  11. Is é an Buanchoiste a cheapfaidh agus a shocróidh tuarastal agus coinníollacha ceapacháin fostaithe na hEagraíochta, seachas an tArd-Rúnaí, agus na postanna sin a bheith ceadaithe ag an gCoiste Gnó agus is cead don Bhuanchoiste aon duine a cheapfar amhlaidh a chur faoi bhannaí dílse don tsuim a mheasfaidh siad a bheidh oiriúnach.
  12. Bunóidh an Coiste Gnó na fochoistí seo leanas, ar a mbeidh suas le triúr nach baill den Choiste Gnó iad. Beidh na Coistí sin ann faoi údarás díreach an Choiste Gnó:

1. Coiste comhoibrithe le Foras na Gaeilge

(a bheidh ann chun aon chlár comhoibrithe a chomhaontaítear idir Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge a riaradh). Beidh ballraíocht ón dá dhlínse in Éirinn ar an gCoiste seo.

2. Coiste an Cheannárais (a bheidh ann do ghnóthaí an Cheannárais).

Is sa Bhunreacht a shonraítear dualgais an Bhuanchoiste. Is é an Coiste Gnó a shonróidh téarmaí tagartha na gCoistí eile.

  1. Ar mholadh ón Uachtarán ceapfaidh an Coiste Gnó Cathaoirligh éagsúla don Bhuanchoiste, don Choiste comhoibrithe le Foras na Gaeilge, agus do Choiste an Cheannárais. Beidh na Cathaoirligh sin ina ngnáthbhaill ar na Coistí eile.
  2. I gcás an Bhuanchoiste agus na bhFochoistí, má bhíonn an Cathaoirleach as láthair, toghfaidh na baill a bheidh i láthair duine as a measc féin (nach fostaí de chuid na hEagraíochta é nó í) le feidhmiú mar chathaoirleach don chruinniú sin.
  3. Cuirfidh na Coistí eile córais riaradh airgeadais agus foirne a aontófar leis an mBuanchoiste i bhfeidhm.

(j) Uachtarán agus Tánaiste:

  1. Is é Uachtarán na hEagraíochta ceann na hEagraíochta.
  2. Is faoi réir Bhunreacht agus pholasaithe na hEagraíochta a dhéanfaidh an tUachtarán ionadaíocht thar ceann na hEagraíochta.
  3. Toghfar an tUachtarán as measc bhallraíocht na hEagraíochta ag an Ard-Fheis ar feadh téarma ó Ard-Fheis bhliantúil go hArd-Fheis bhliantúil.
  4. Toghfaidh an Coiste Gnó Tánáiste as measc a bhallraíochta féin ag an gcéad chruinniú den Choiste Gnó a thionólfar tar éis na hArd-Fheise bliantúla agus i gcásanna eile go dtarlaíonn folúntas. Feidhmeoidh an Tánaiste mar leas-uachtarán agus mar uachtarán ionaid sa mhéid agus is gá. Sa chás nach féidir leis an Uachtarán feidhmiú ceapfaidh an Coiste Gnó an Tánaiste ina (h)Uachtarán.
  5. Ní féidir le hUachtarán fanacht in oifig níos faide ná cúig théarma as a chéile ach is intofa é nó í tar éis téarma as oifig.
  6. Feidhmeoidh an Tánaiste i mbun cúramaí ar leith de chuid na hEagraíochta le haontú an Uachtaráin agus an Choiste Ghnó.

(k) An Ard-Fheis:

  1. Tionólfar Ard-Fheis na hEagraíochta uair sa bhliain.
  2. Féadfaidh an Coiste Gnó nó an Ard-Fheis féin Ard-Fheis ar leith a ghairm i gcás speisialta.
  3. Féadfaidh an Ard-Fheis dáta agus ionad Ard-Fheise a shocrú dhá bhliain chun tosaigh ar dháta na hArd-Fheise i gceist.
  4. Ní foláir do gach craobh, do gach coiste contae, do gach coiste cúige agus do gach ball aonair clárú ar a laghad 10 seachtain roimh an Ard-Fheis le bheith i dteideal freastal uirthi.
  5. Is iad a bheidh mar theachtaí eagraíochta ag an Ard-Fheis ach iad a bheith cláraithe faoi réir an Bhunreachta seo leis an Ard-Oifig:
    1. An tUachtarán reatha;
    2. An Tánaiste reatha;
    3. An dáréag ball den Choiste Gnó a toghadh ag na teachtaí eagraíochta ag an Ard-Fheis bhliantúil roimhe sin;
    4. Beirt teachtaí eagraíochta thar ceann gach craoibhe, gach coiste contae agus gach coiste cúige;
    5. Teachta eagraíochta amháin thar ceann gach eagraíochta a thagann faoi scáth Chonradh na Gaeilge faoi réir an Bhunreachta seo;
  6. Is iad a bheidh mar theachtaí aonair ag an Ard-Fheis gach ball eile craoibhe, coiste Contae nó coiste Cúige agus gach ball aonair eile;
  7. Beidh cead ag gach teachta vóta a chaitheamh ar na rúin ar fad;
  8. Teastóidh móramh na dteachtaí i láthair chomh maith le móramh na dteachtaí eagraíochta i láthair chun rún a bhaineann le riaradh na hEagraíochta a rith.
  9. Teastóidh móramh dhá dtrian na dteachtaí i láthair agus dhá dtrian na dteachtaí eagraíochta i láthair chun leasú bunreachta a rith.
  10. Is iad feidhmeanna na hArd-Fheise:
    1. Tuarascálacha agus cuntais an Choiste Ghnó don bhliain roimhe sin go dtí 31 Nollaig a bhreithniú;
    2. An tUachtarán a thoghadh le ballóid rúnda theachtaí na hArd-Fheise;
    3. Baill den Choiste Gnó a thoghadh le ballóid rúnda;
    4. Iniúchóir a thoghadh de bhun rúin ón gCoiste Gnó;
    5. Folúntais d’oifigí Iontaobhaithe na hEagraíochta a líonadh de réir an Bhunreachta seo;
    6. Bunreacht na hEagraíochta a achtú, a leasú nó a aisghairm de réir mar is gá;
    7. Polasaithe agus tosaíochtaí na hEagraíochta a phlé agus a shocrú;
    8. Feidhmiú mar Fhóram lucht labhartha na Gaeilge.
  11. Is de réir na hionadaíochta cionmhaire (ar mhodh an aonghutha inaistrithe) a reáchtálfar toghcháin uile na hArd-Fheise.
  12. Ní foláir don Ard-Rúnaí fógra 8 seachtain ghlana a thabhairt do gach rúnaí craoibhe, do gach rúnaí coiste chontae agus chúige do gach ball aonair agus do gach ball den Choiste Gnó maidir leis na spriocdhátaí is déanaí chun ainmniúchán agus ábhar rún do Chlár Gnó na hArd-Fheise a sheoladh chuig an Ard-Oifig (.i. 5 seachtain ghlana roimh dháta na hArd-Fheise) agus na foirmeacha cuí a sheoladh chucu ag an am céanna.
  13. Ní foláir gach ábhar rúin agus gach ainmniúchán a bheith sínithe ag rúnaí craoibhe, ag rúnaí coiste, ag ball den Choiste Gnó nó ag an mball aonair a mholfaidh iad.
  14. Tá gach craobh, gach coiste contae, agus gach coiste cúige i dteideal duine amháin a ainmniú lena t(h)oghadh mar Uachtarán na hEagraíochta, dáréag a mholadh lena dtoghadh mar bhaill den Choiste Gnó, trí leasú ar an mBunreacht agus trí rún eile a mholadh.
  15. Tá gach Ball den Choiste Gnó, nach ionadaí é nó í thar ceann coiste chontae nó thar ceann coiste chúige, i dteideal duine amháin a mholadh lena t(h)oghadh mar bhall den Choiste Gnó, leasú amháin ar an mBunreacht agus trí rún eile a mholadh.
  16. Tá gach ball aonar i dteideal duine amháin a mholadh lena t(h)oghadh don dá spás atá ar fáil do bhaill aonair ar an gCoiste Gnó agus rún amháin, nach leasú bunreachta é, a mholadh.
  17. Eagróidh Ard-Oifig na hEagraíochta córas chun ligint do na craobhacha ord sealadach rúin na hArd-Fheise a shocrú. Is faoin mBuanchoiste a bheidh sé an t-ord deiridh a chinntiú ag cur san áireamh go dtabharfar tús áite do rúin a bhaineann go díreach leis an Eagraíocht agus leis an nGaeilge. Má bhíonn aon chraobh míshásta leis an gcíorú sin beidh deis acu teacht os comhair an Bhuanchoise sula dtosaíonn an Ard-Fheis chun cás a dhéanamh.
  18. Cuirfear cóip den Chlár Gnó, de liosta na n-ainmniúchán, de Thuarascáil an Ard-Rúnaithe, agus de Chuntais na hEagraíochta arna ndeimhniú ag Iniúchóir faoi phár, chuig gach teachta 5 lá ghlana roimh dháta na hArd-Fheise.
  19. Muna bhfuil ar chumas teachta a bheith i láthair chun rún dá c(h)uid a mholadh ní foláir dó nó di é sin a chur in iúl don Ard-Oifig roimh ré agus ní foláir dó nó di teachta eile a fháil chun an rún sin a mholadh agus é sin a cheadú i scríbhinn. Muna ndéantar amhlaidh titfidh gach rún nach molfar dá réir seo.
  20. Ní ceadmhach leasú a mholadh ar rún má athraíonn sé spiorad an rúin.
  21. Beidh cead cainte ag cuairteoirí ar rúin, seachas rúin nós imeachta, rúin riartha eagraíochta nó rúin leasaithe bunreachta, le cead mhóramh na dteachtaí i láthair.

(l) An Bunreacht a Leasú:

  1. Tiocfaidh aon leasú bunreachta in éifeacht mí tar éis na hArd-Fheise ag a rithfear é.
  2. Ceadófar don Choiste Gnó aon athrú friotail is gá a dhéanamh chun go mbeidh an Bunreacht scríofa sa Ghaeilge chaighdeánach.
  3. Ní féidir Bunreacht na hEagraíochta a leasú ach gach ré bliain ó 2008 amach.

(m) Iontaobhas:

  1. Beidh Iontaobhaithe, nach lú a líon ná triúr agus nach mó ná cúigear, ag an Eagraíocht ina mbeidh gach réadas agus airnéis réadach de chuid na hEagraíochta dílsithe agus ag a mbeidh seilbh ar gach airgead, infheistíocht agus airnéis a íocfar leo nó a aistreofar chucu ó am go ham ar na hiontaobhais leis na cumhachtaí agus de réir na gcuntar a luaitear anseo maidir leis an gcéanna.
  2. Beidh oifig Iontaobhaí folamh:
    1. ar bhás nó ar éagumas Iontaobhaí;
    2. sa chás go n-éiríonn Iontaobhaí as oifig trí fhógra a thabhairt i scríbhinn do Ard-Rúnaí na hEagraíochta;
    3. sa chás go n-iarrann a c(h)omh-Iontaobhaithe ar fad ar Iontaobhaí ar bith éirí as Oifig;
    4. sa chás go nglacfaidh móramh simplí de na teachtaí a bheidh i láthair ag Ard-Fheis agus cead vótála acu, le rún eagraíochta a mholfaidh an Coiste Gnó go mbrisfí as oifig Iontabhaí nó Iontaobhaithe a ainmneofar sa rún;
    5. sa chás go gceapfar é nó í chun aon oifige aon ina n-íocfar é nó í as maoin na hEagraíochta.
  3. Iontaobhaí a mbeidh a (h)oifig folmhaithe aige nó aici de bharr é nó í a bhriseadh as oifig measfar go mbeidh Uachtarán na hEagraíochta ceaptha aige nó aici mar aturnae di nó dó chun cibé nithe a dhéanamh agus cibé gníomhais a fhorghníomhú de réir mar is riachtanach chun maoin an Iontaobhais a dhílsiú sna hIontaobhaithe a leanfaidh in oifig nó sna hIontaobhaithe nua.
  4. Is ag an Ard-Fheis, ar mholadh an Choiste Ghnó, a bheidh cumhacht Iontaobhaí nua nó Iontaobhaithe nua ar bith a cheapadh.
  5. Cuirfidh na hIontaobhaithe i bhfeidhm seilbh, bainistíocht, riaradh agus úsáid na maoine go léir cibé saghas é, a bheidh ina sheilbh nó faoina stiúr nó faoina smacht de réir na dtreoracha réasúnacha agus dlíthiúla a thabharfaidh an Coiste Gnó dóibh ó am go ham, agus d’éagmais treorach, de réir chuspóir na hEagraíochta mar a chuirtear in iúl é sa Bhunreacht.
  6. Ar threorú réasúnach agus dlíthiúil an Choiste Ghnó nó ar chead an Choiste Ghnó féadfaidh na hIontaobhaithe seilbh a ghlacadh trí cheannach, trí mhalartú, trí bhronntanas nó ar bhealach ar bith eile ar aon mhaoin, nó ar thalamh léasach, nó ar fhoirgintí, agus ar a leithéid chéanna de threorú nó de chead féadfaidh siad aon mhaoin nó aon talamh léasach nó aon fhoirgintí nach bhfuil oiriúnach nó nach bhfuil ag teastáil a thuilleadh le haghaidh chuspóir na hEagraíochta, a dhíol, a mhalartú, a ligean, nó a thabhairt uathu.
  7. Gheobhaidh na hIontaobhaithe, faoi threoir réasúnach agus dlíthiúil ón gCoiste Gnó, agus chun cuspóir na hEagraíochta a bhaint amach, iasachtaí le pé ús a bhaineann leis an ngaraíocht a chuirfidh baincéirí an Choiste Ghnó ar fáil, trí rótharraingt, trí iasacht théarmach, trí chuntas iasachta, nó eile, agus údaróidh siad pé urrús a thabharfar i leith a n-iasachtaí agus an úis sin.
  8. Ní bheidh incheaptha chun a bheith ina (h)Iontaobhaí ar an Eagraíocht aon duine nach bhfuil ina b(h)all den Eagraíocht.
  9. Slánóidh an Coiste Gnó na hIontaobhaithe agus gach duine acu go héifeachtúil as cistí agus as maoin na hEagraíochta i gcónaí agus ó am go ham ó chaingean imeachtaí costais, ó dhamáistí, nó ó éileamh de aon saghas a tharlaíonn de bharr iad a bheith ina n-úinéirí dlíthiúla ar mhaoin na hEagraíochta sa mhéid nach n-éireoidh a leithéid óna mainneachtain ná óna bhfaillí féin.

(n) Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge:

  1. Tagann Seachtain na Gaeilge Teoranta, Ógras, agus an Coimisiúin le Rincí Gaelacha (“Eagraíochtaí Faoi Scáth”) faoi scáth Chonradh na Gaeilge.
  2. Déanfaidh na heagraíochtaí faoi scáth agus Conradh na Gaeilge comhchothú ar a chéile, comhthacaíocht lena chéile agus comhmhargaíocht i dteannta a chéile.
  3. Beidh ionadaíocht ag an eagraíocht ar na heagraíochtaí faoi scáth. In aon chás go gcuireann eagraíocht sin ar cheal, tiocfaidh deireadh leis an aitheantas faoi scáth.
  4. Beidh teachta amháin ar an gCoiste Gnó thar ceann gach eagraíochta faoi scáth faoi réir an Bhunreachta seo.
  5. Beidh na heagraíochtaí faoi scáth neamhspleách ó thaobh dliteanais agus airgeadais de.
  6. Féadfadh an Ard-Fheis eagraíochtaí eile faoi scáth na heagraíochta a bhunú agus a aithint faoi scáth Chonradh na Gaeilge.

(o) An Bailiúchán Náisiúnta:

  1. Cuirfidh an Coiste Gnó córas nó córais ar bun chun airgead a bhailiú le haghaidh Chiste na Teanga.
  2. Is ag an gCoiste Gnó amháin a bheidh cead údarás a thabhairt chun bailiúchán a dhéanamh do Chiste na Teanga.
  3. Socróidh an Ard-Fheis an roinnt ar thoradh an bhailiúcháin do Chiste na Teanga ar moladh an Choiste Ghnó.

(p) Eile:

  1. Is ceadmhach do chumann nó do eagras a bheith mar chumann comhpháirteach de chuid Chonradh na Gaeilge má ghlacann an Coiste Gnó le hiarratas dá leithéid faoi réir na gcoinníollacha a fhoráiltear leis an mBunreacht seo agus faoi réir na gcoinníollacha a chinnfidh an Coiste Gnó ó am go chéile. Socróidh an Coiste Gnó an táille comhpháirteachais ó am go ham.
  2. Is é an leagan Gaeilge amháin an leagan údarásach den Bhunreacht seo.
  3. Ní foláir Bunreacht na hEagraíochta a chlóbhualadh i nGaeilge agus a fhoilsiú go poiblí. Féadfar an dualgas seo a chomhlíonadh tríd an mBunreacht a fhoilsiú ar shuíomh idirlín na hEagraíochta agus cruachóipeanna a bheith ar fáil san Ard-Oifig i bhfoirm leabhráin.

pdfBunreacht Chonradh na Gaeilge faoi mar a leasaíodh é ag Ard-Fheis 2018

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge