Tar ag obair linn

Tá clú agus cáil ar Chonradh na Gaeilge mar eagras deonach atá tiomnaithe do chur chun cinn na Gaeilge ar fud na cruinne. Bunaithe ag Dubhghlas de hÍde, Eoin Mac Néill agus eile in 1893, tá an eagraíocht ar thús cadhnaíochta in athbheochan úsáid na teanga agus ag múscailt spéise sa Ghaeilge agus sa chultúr Gaelach ó shin i leith.

Leanúint ar aghaidh

Ráiteas Um Chumhdach

Is ceanneagraíocht Gaeilge é Conradh na Gaeilge. Tá a Uachtarán, Coiste Ghnó, Ard Rúnaí, bainisteoirí agus foireann féin aige. Feidhmíonn Conradh na Gaeilge ar bhonn uile-Éireann. Is féidir teacht ar fheidhmeanna Chonradh na Gaeilge in Aguisín 1.  Ar mhaithe le cosaint leanaí agus cumhdach tá a nduine/daoine teagmhála ainmnithe agus a nduine/daoine sainordaithe féin ag an eagraíocht.

Leanúint ar aghaidh

Teagmháil

Teagmháil

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge, agus is í príomhaidhm an Chonartha an Ghaeilge a spreagadh mar ghnáth-theanga labhartha na hÉireann. Oibríonn an eagraíocht ar son na Gaeilge agus ar son gach duine a bhaineann leas as an teanga ar fud oileán na hÉireann agus ar fud an domhain. Tá nach mór 180 craobh ag Conradh na Gaeilge ag saothrú ar son na teanga mar leis an iliomad ball aonair, agus is féidir teagmháil a dhéanamh le fostaithe lánaimseartha an Chonartha sna hoifigí thuasluaite idir 9.00rn - 5.30in ón Luan - Aoine.

Leanúint ar aghaidh

An Siopa Leabhar

An Siopa Leabhar

An Siopa Leabhar de chuid Chonradh na Gaeilge ag díol leabhar agus earraí Gaeilge do mhuintir Átha Cliath ó d'oscail sé ag 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2 dhá scór bliain ó shin. Tá réimse leathan leabhar scoile, cártaí dátheangacha, cluichí do pháistí, ábhar múinteoireachta, dlúthdhioscaí ceoil agus go leor eile ar fáil sa Siopa Leabhar agus bíonn sé ar oscailt 6 lá in aghaidh na seachtaine. Is féidir orduithe a dhéanamh ar-líne trí shuíomh An tSiopa Leabhar anois freisin: www.cnag.ie/siopa

Leanúint ar aghaidh

Aontas Phobal na Gaeilge

Aontas Phobal na Gaeilge

Is ionstraim aontaithe é Aontas Phobal na Gaeilge (APG) atá ag gníomhú chun leas na teanga, ar bhonn uile Éireann agus go hidirnáisiúnta, trí fhorbairt agus pleanáil níos straitéisí don Ghaeilge a chur chun cinn. Tá Aontas Phobal na Gaeilge comhdhéanta de na heagrais Comhaltas Uladh, Comhar na Múinteoirí, Gaeilge, Comhluadar, Conradh na Gaeilge, Glór na nGael agus Seachtain na Gaeilge, eagrais atá ag plé le gnéithe éagsúla d’fhorbairt na Gaeilge i measc an phobail agus a tháinig le chéile le hionstraim oibre nua a bhunú ar mhaithe le seirbhísí níos éifeachtaí a sholáthar, agus ar luach airgid níos fearr a bhaint amach. www.aontaspg.ie

Leanúint ar aghaidh

Feasta

Feasta

Iris liteartha is ea Feasta a bhunaigh Conradh na Gaeilge tríd an gcomhlacht foilsitheoireachta, Clódhanna Teoranta, i 1948. Foilsitear Feasta gach mí. Maireann Feasta chun an saol a phlé trí mheán na Gaeilge - litríocht, eolaíocht, polaitíocht. Is mó aidhm atá againn: an ghearrscéalaíocht a chothú; ardán a chur ar fáil d'fhilí na Gaeilge; scríbhneoirí óga a aimsiú agus a meanma a chothú; scoláirí dara leibhéal agus mic léinn tríú leibhéal a thabhairt i dtreo na scríbhneoireachta Gaeilge; tábhacht na teanga scríofa a áiteamh ar eagraíochtaí Gaeilge; ceardlanna scríbhneoireachta Gaeilge a chothú, agus teagmháil a fhorbairt idir Feasta agus ealaíontóirí súl. www.feasta.ie

Leanúint ar aghaidh

Faoi scáth Chonradh na Gaeilge