Skip to main content

Dianchúrsa Lae: Agallamh Hibernia don Mháistreacht Ghairmiúil san Oideachas (Bunmhúinteoireacht)

Caithfidh iarrthóirí don Mháistir Gairmiúil san Oideachas (Bunmhúinteoireacht) le Hibernia agallamh 30 nóiméad a dhéanamh. Mar chuid den agallamh sin, caithfear 10 - 12 nóiméad a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Déantar measúnú ar líofacht, saibhreas teanga, tuiscint agus cruinneas le linn an agallaimh seo. Cuirtear ceisteanna faoin iarrthóir féin, a chúlra, ceisteanna ginearálta agus ansin faoin múinteoireacht, modhanna múinteoireachta agus teoiric na múinteoireachta. 

Is féidir tuilleadh eolais a fheiceáil anseo: https://hiberniacollege.com/irish-interview/

Le cabhrú leo siúd atá ag ullmhú don scrúdú seo, tá cúrsa lae eagraithe ag Conradh na Gaeilge. Is cúrsa lae atá ann a bheidh ar siúl Dé Sathairn, 18ú Eanáir 2020 idir 9:30am agus 4:30pm. Tá lón san áireamh leis an bpraghas. Beidh dhá seisiún, ceann ar maidin agus ceann san iarnón, déanfar plé ar an ngramadach, ceisteanna ginearálta, ceisteanna coitianta, stór focal don mhúinteoireacht agus an-chuid eile. Reachtálfar an cúrsa trí Ghaeilge amháin agus beidh gníomhaíochtaí aonaracha, grúpobair, obair beirte, cluastuiscint agus an-chuid eile mar chuid den lá. Beidh an deis ag gach iarrthoir ceisteanna a chur ar an áisitheoir le linn an chúrsa agus beidh an deis acu dul faoi bhréag-agallamh ina mbeidh aiseolas pearsanta mar chuid de.  Seo thíos ábhar an chúrsa:

 
Ábhair an Chursa
- Réamhrá agus Comhrá
- Ceisteanna Samplacha
- Tearmeolaíocht Múinteoireachta
- Gramadach & Foghraíocht
- Frásaí & Botúin Choitianta
- Struchtúr an Agallaimh
- Gaeilge Chanúnach
- Achoimhre & Ceisteanna
 
 
 
Amchlár an Lae:
9:30 - 13:00 Seisiún na Maidine
11:00 Sos (15 nóim)
13:00 - 13:45 Lón
13:45 - 16:00 Seisiún an Iarnóin
 
 
 
Tarlóidh na hagallaimh bhréige idir 13:45 agus deireadh an lae, rachaidh chuile iarrthóir gur mian leo duine in aghaidh duine agus mairfidh an t-agallamh  thar ar 10 nóiméad an duine.
 
 
 
Lonnaithe: Conradh na Gaeilge, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2

Dáta: Dé Sathairn, 18ú Eanáir 2020

Am: 9.30am - 4.30pm

Praghas: €100.00*

*Lón san áireamh - le do thoil inis dúinn faoi aon riachtanais bia atá agat a luaithe agus is féidir

Sonraí Cúrsa

Tús 18-01-2020 9:30 am
Deireadh 18-01-2020 4:30 am
Dáta deiridh 19-01-2020 16:00 pm
Líon Áiteanna ar fáil 0
Praghas €100
Ionad Baile Átha Cliath

Níl aon spás

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.