Téarma an Earraigh 2023: Bunrang 2, Dé Máirt (Um Thráthnóna, Ar-Líne)
Briseadh Ranga: Máirt, 14 Feabhra 2023
Seo chugaibh leagan amach an Bhunranga 2 ar leibhéal TEG A2.
Bheadh an cúrsa seo in oiriúint do dhaoine a bhfuil Bunrang 1 déanta cheana féin acu.
Bheadh an cúrsa seo in oiriúint do dhaoine suite in zóin ama éagsúla timpeall an domhain, in éineacht le daoine atá saor um thráthnóna.
Baineann múinteoirí Chonradh na Gaeilge leas as an gcreatlach TEG (Teastas Eorpach na Gaeilge). Tá saoirseacht ag gach múinteoir a chuid ábhair féin a chlúdú chomh maith leis an gcúrsa TEG. Cabhróidh an cúrsa seo dóibh siúd atá ag iarraidh tabhairt faoi na scrúduithe oifigiúla TEG ach is faoin bhfoghlaimeoir atá sé na hullmhúcháin chuí a dhéanamh dos na scrúduithe. Clúdófar réimse leathan d'ábhair: an Ghaeilge labhartha, gramadach na Gaeilge, cluastuiscint, léitheoireacht agus eile
Sonraí Cúrsa
Tús | 24-01-2023 19:00 pm |
Deireadh | 28-03-2023 20:30 pm |
Dáta deiridh | 27-01-2023 17:00 pm |
Líon Áiteanna ar fáil | 7 |
Praghas | €150 |
Ionad | Ar líne |