Scéimeanna Píolótacha
Scéimeanna Píolótacha 2019
Chuireamar críoch leis an tsraith is déanaí de scéimeanna píolótacha Cultúr Club i gCeanada, sna hOileáin Mhuir nIocht, agus in Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha san fhómhar.
Buíochas le tacaíocht ó Chumann Éireann Gheirsí, ó Ard-Chonsalacht na hÉireann in Vancouver, ó Ambasáid na hÉireann chuig Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, agus ón Roinn Cultúir, Oidhreachta & Gaeltachta, bhí ceardlanna oiliúna Cultúr Club ar siúl sna háiteanna seo a leanas i mbliana:
Tá an cur i láthair ó cheardlann oiliúna 2019 ar fáil anseo.
Scéimeanna Píolótacha 2018
Chuireamar scéimeanna píolótacha Cultúr Club ar bun san Astráil, sa Nua Shéalainn agus sa Bhreatain Mhór i 2018.
Buíochas le tacaíocht ó Ambasáid na hÉireann in Canberra, ó Ard-Chonsalacht na hÉireann i nDún Éideann, Albain, agus ó Chonradh na Gaeilge i Londain, bhí ceardlanna oiliúna Cultúr Club ar siúl sna háiteanna seo a leanas an bhliain seo caite:
- Perth (14/10/2018)
- Sydney (20/10/2018)
- Melbourne (21/10/2018)
- Wellington (03/11/2018)
- Dún Éideann (22/11/2018)
- Glaschú (24/11/2018)
- Londain (1/12/2018)
Bhí stiúrthóir an togra ar an láthair le ceardlann ghinearálta um chumasú pobail a éascú agus chun na nithe seo a leanas a chur ar fáil:
- ceardlanna oiliúna ar an gcuraclam Cultúr Club
- treoir d'éascaitheoirí féideartha na gceardlann áitiúil
- deis ghréasánaíochta do bhaill éagsúla ón bpobal Gaeilge
- comhairliúchán le grúpaí Éireannacha, idir ghrúpaí Gaeilge, cultúir, spóirt agus eile
- seó bóthair for-rochtana ar theanga agus ar chultúr na hÉireann do scoileanna áitiúla
Tá an cur i láthair ó cheardlann oiliúna 2018 ar fáil anseo.
Ghlac níos mó ná 176 duine páirt sna scéimeanna píolótacha go dtí seo agus gabhann muid buíochas ó chroí le gach duine a d'fhreastail ar na ceardlanna oiliúna nó a chabhraigh linn chun cuairteanna scoile agus cruinnithe le grúpaí pobail áitiúla a eagrú in 2018 agus in 2019.
Ar mhaith leatsa scéim phíolótach a óstáil i do cheantar féin?
Seol teachtaireacht chuig
Ní neart go cur le chéile!