Skip to main content

Chéad Chéim in Hong Cong

Posted in Cultúr Club.

Chuir Conradh na Gaeilge tús le Cultúr Club i gcomhar le hArd-Chonsalacht na hÉireann do Hong Cong & Macau le linn an tsamhraidh i 2016. Bhí an Ard-Chonsalacht tar éis a aithint go raibh ann d’éileamh do ranganna Gaeilge agus cultúir, is é sin le rá ranganna do pháistí le tuistí Éireann agus iad siúd le naisc láidre le hÉirinn a bheadh mar bhealach chun féiniúlacht Éireann a neartú i measc an phobail.

Cultur Club Hong Kong Scoil 1

Rinne an Ard-Chonsalacht teagmháil leis an gConradh le comhairle a lorg ar an gceist i mí Aibreáin 2016; d’ullmhaigh ionadaithe togra maidir leis seo i mí na Bealtaine 2016 agus thaisteal go Hong Cong le bualadh le príomhionadaithe an phobail Éireann agus páirtithe leasmhara eile ann ar mhaithe le spéiseanna, cumais, agus riachtanais na mac léinn ionchasacha / féideartha agus a dtuistí a mheas i mí an Mheithimh 2016.

Tar éis clár, plean ceachta samplach agus gníomhaíochtaí samplacha a dhréachtú, shocraigh an Chonsalacht go ndéanfadh Conradh na Gaeilge ceardlanna feasachta idrghníomhacha ar theanga agus ar chultúr na hÉireann a reáchtáil le breis agus 140 dalta i scoileanna áitiúla agus idirnáisiúnta i Hong Cong agus Macau freisin, ar mhaithe le spéis in Éirinn agus sna ranganna a spreagadh agus a mheas.

Baisteadh Cultúr Club ar an togra, agus b’iontach suntasach an spéis a léirigh idir thuistí Éireann agus Áise, pháistí, agus oideachasóirí ann.

Conradh na Gaeilge       Ard Chonsalacht na hEireann Hong Cong Macau An Roinn Gnothai Eachtracha Tradala

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach, Baile Átha Cliath 2 D02 X201
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.