Téarma an Earraigh 2023: Bunrang 2, Déardaoin (Tráthnóna, Fisiciúil)
Briseadh Ranga: Déardaoin, 16 Feabhra 2023
Áit: Conradh na Gaeilge, 6 Sráid Fhearchair, D02 VH98
Seo chugaibh leagan amach Bhunrang 2 a bheidh ar leibhéal TEG A2, tá an leibhéal seo in oiriúint do dhaoine a rinne staidéar ar an nGaeilge cheana féin agus gur mhaithe leo teacht ar ais chuig an teanga, nó dóibh siú atá tar éis bunrang 1 a dhéanamh linn cheana.
Baineann múinteoirí Chonradh na Gaeilge leas as an gcreatlach TEG (Teastas Eorpach na Gaeilge). Tá saoirseacht ag gach múinteoir a chuid ábhair féin a chlúdú chomh maith leis an gcúrsa TEG. Cabhróidh an cúrsa seo dóibh siúd atá ag iarraidh tabhairt faoi na scrúduithe oifigiúla TEG ach is faoin bhfoghlaimeoir atá sé na hullmhúcháin chuí a dhéanamh dos na scrúduithe. Clúdófar réimse leathan d'ábhair: an Ghaeilge labhartha, gramadach na Gaeilge, cluastuiscint, léitheoireacht agus eile
Sonraí Cúrsa
Tús | 26-01-2023 19:00 pm |
Deireadh | 30-03-2023 21:00 pm |
Dáta deiridh | 26-01-2023 17:00 pm |
Líon Áiteanna ar fáil | 2 |
Praghas | €200 |
Ionad | Baile Átha Cliath |