Seo chugaibh leagan amach an ranga, Tosaitheoirí 2 a bheidh ar leibhéal TEG A1, in oiriúint do dhaoine a rinne Tosaitheoirí 1 cheana.
Moltar an leabhar 'Gaeilge gan Stró - Beginners' le hEamonn Ó Dónaill/Gaelchultúr a cheannach don chúrsa seo. Tá sé ar fáil sa Siopa Leabhar.
Baineann múinteoirí Chonradh na Gaeilge leas as an gcreatlach TEG (Teastas Eorpach na Gaeilge). Tá saoirseacht ag gach múinteoir a chuid ábhair féin a chlúdú chomh maith leis an gcúrsa TEG. Cabhróidh an cúrsa seo dóibh siúd atá ag iarraidh tabhairt faoi na scrúduithe oifigiúla TEG ach is faoin bhfoghlaimeoir atá sé na hullmhúcháin chuí a dhéanamh dos na scrúduithe. Clúdófar réimse leathan d'ábhair: an Ghaeilge labhartha, gramadach na Gaeilge, cluastuiscint, léitheoireacht agus eile
Tús | 25-01-2023 19:00 pm |
Deireadh | 29-03-2023 21:00 pm |
Dáta deiridh | 25-01-2023 17:00 pm |
Líon Áiteanna ar fáil | 0 |
Praghas | €200 |
Ionad | Baile Átha Cliath |