Téarma an Fhomhair: Cumarsáid & Cruinneas, Dé Máirt (Um Thráthnóna, Ar-Líne)

Briseadh Ranga: Máirt, 1 Samhain 2022
Is cúrsa nuafhorbartha é ‘Cumarsáid & Cruinneas’ dóibh siúd a bhfuil spéis acu cleachtadh a dhéanamh ar chúrsaí gramadaí in éineacht lena scileanna cumarsáide a fhorbairt. Díreoidh an cúrsa orthu siúd atá compórdach ag labhairt Gaeilge ach nach bhfuil ar an gcompórd céanna maidir le cúrsaí gramadaí. Is í aidhm an chúrsa seo ná mistéir a bhaint den ghramadach agus cleachtadh a dhéanamh uirthi i suíomh taitneamhach.
Cúrsa 10-seachtaine, rang amháin sa tseachtain, atá in ‘Cumarsáid & Cruinneas’. Dírithe ar chaighdeán B2, is é spriocfhoghlaimeoir an chúrsa seo ná duine atá compórdach ag labhairt Gaeilge ach a dteastaíonn tuilleadh cleachtadh uathu sa ghramadach fhéin.
Aidhmeanna Foghlama:
- Aird an ranga a dhíriú ar bhunstruchtúr na teanga, go háirithe an chopail
- An rang a spreagadh le seilbh a ghlacadh ar a chuid fhoghlaim gramadaí agus an t-aistear foghlama a thosú
- Léiriú nach mistéir í gramadach na Gaeilge
- Na haidhmeanna seo a bhaint amach i mbealach taitneamhach, idirghníomhach
Cur Chuige an Chúrsa:
- Reáchtálfar an cúrsa thar Zoom, uair go leith in aghaidh na seachtaine
- Dhá thrian cumarsáid
Gníomhaíochtaí éisteachta: Canúintí éagsúla
Gníomhaíochtaí labhartha: Cursaí reatha, obair i ngrúpaí nó i mbeirteanna sna ‘Breakout Rooms’
Bainfear úsáid as codanna den siollabas TEG B2 - Aon trian gramadach
Gníomhaíochtaí scríbhneoireachta: Cleachtaí gramadaí / úsáid na teanga mar ghrúpa
Léitheoireacht agus fuaimniú na Gaeilge, obair a dhéanamh le dictogloss
Cleachtaí aistriúcháin EN - GA leis an dá theanga a chur i gcodarsnacht dá chéile
Leagan amach samplach:
1. An chanúínt agus an caighdeán
2. Ceisteanna a chur agus a fhreagairt
3. Bunchlocha na gramadaí: aimsir na mbriathra, inscne agus tuisil na n-ainmfhocal
4. An Tuiseal Ginideach (A): ceacht agus cleachtadh
5. An Tuiseal Ginideach (B): ceacht agus cleachtadh
6. An séimhiú (A): ceacht agus cleachtadh
7. An séimhiú (B): ceacht agus cleachtadh
8. An Chopail Is (A): ceacht agus cleachtadh
9. An Chopail Is (B): ceacht agus cleachtadh
10. Briathra: briathar saor, modh coinníolach
Beidh an cúrsa seo mar chuid de Théarma an tSamhraidh i dtaobh amanna de agus gheobhaidh na rannpháirtithe na deiseanna céanna leis na gnáthranganna .i. ciorcail comhrá, nuachtlitreacha. Beidh teastas uathúil le baint amach mar chuid den chúrsa seo.
Le cinntiú go reáchtálfar an cúrsa seo ag an gcaighdeán is fearr do gach duine sa rang, beidh duine ón Ard-Oifig i dteagmháil le gach iarrthóir théis dóibh clárú thar ghuthán. Má tharlaíonn sé nach bhfuil an cúrsa in oiriúint don iarrthóir, cuirfear rogha ranganna eile os a chomhair.
Sonraí Cúrsa
Tús | 20-09-2022 19:00 pm |
Deireadh | 29-11-2022 20:20 pm |
Líon Áiteanna ar fáil | 14 |
Dáta deiridh | 20-09-2022 17:00 pm |
Praghas | €160 |
Ionad | Ar líne |