Skip to main content

Comórtas Amhrán Tí le 2FM

Posted in General.

 

Comórtas Amhrán Tí
Gaeltacht X le RTÉ 2FM

logos_comórtas_amhrán_tí.png

Tá an Comórtas Amhrán Tí ar ais!

Tá riméad ar Gaeltacht X agus RTÉ 2FM a fhógairt go mbeidh Comórtas Amhrán Tí Gaeltacht X ar ais arís i mbliana, agus go leanfaidh traidisiúin an gné lárnach na gcolaistí samhraidh ar aghaidh, cé go bhfuil na coláistí samhraidh dúnta don samhradh, ar chuntais Gaeltacht X agus beo ar an aer ar 2FM Breakfast with Doireann, Donncha and Carl - le láithreoir agus scríbhneoir Ola Majekodunmi, a bheidh mar chomhfhreagraí Gaeltacht X leis an stáisiúin.

Tá GX agus 2FM ag lorg leaganacha Gaeilge d’amhráin chlúiteacha nó amhráin nuachumtha ó dhaoine óga, ina n-aonar nó tríd “Tigh” a chur le chéile agus iad a thaifead thar Zoom nó módh taifeadta eile a chloíann leis an scairiúnt sóisialta. 

Gach seachtain roghnófar dhá amhrán. Beidh Ola ar an gclár maidin Chéadaoin leis na hamhráin a sheinnm do Doireann, Donncha agus Carl, agus ansin osclófar pobalbhreith poiblí ar chuntas Instagram Gaeltacht X (@gaeltachtx). Beidh 24 uair a chloig ag na héisteoirí agus na leantóirí vóta a chaitheamh ar son an amhráin is fearr leo sula fhógrófar an buaiteoir ar an gclár maidin Dhéardaoin. Beidh Raidió Rí-Rá, an cairt stáisiúin do dhaoine óga, ag tacú leis an togra chomh maith tríd cuidiú leis na gearrliostaí a roghnú.

 

Iarratais
Is féidir amhráin a sheoladh isteach anois go dtí Dé hAoine, 20 Lúnasa. Roghnófar amhráin ar bhonn seachtainiúil - mar sin is luaithe a sheolfar isteach d’iarratas, is mó seans go roghnófar é. Rachaidh an chéad bhabhta d’amhráin amach ar an aer Dé Céadaoin, 04 Lúnasa. Seol iarratais go Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air..

 Treoracha

  • Taifead - Déan taifead ar leagan Gaeilge d'amhrán nó úrnua (45 soicind) - mar thigh (grúpa) nó i d'aonar. Tá fáilte roimh fhiseán nó glórtheachtaireacht, ach déan cinnte go mbeidh caighdeán ard ar an bhfuaim mar seans go mbeidh sé á seinm ar an raidió!
  • Seol - Seol chugainn ag Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. é, chomh maith le d'ainm/ainmneacha gach duine sa ghrúpa, aois/aoiseanna agus contae gurb as duit/daoibh.
  • Éist - Roghnófar dhá amhrán in aghaidh na seachtaine le bheith mar Amhráin Tí. Seinnfear an dá amhrán ar an 2FM Breakfast with Doireann, Donncha and Carl maidin Chéadaoin. 
  • Vóta - Beidh éisteoirí an chláir raidió agus leantóirí Gaeltacht X in ann vóta a chaitheamh ar phobal bhreith ar chuntas Gaeltacht X ar Instgaram ar feadh 24 uair a' chloig. Déanfar buaiteoir an phobalbhreith a fhógairt maidin Dhéardaoin ar 2FM Breakfast with Doireann, Donncha and Carl . Bronnfar €300 ar bhuaiteoir na seachtaine agus rachaidh siad ar aghaidh ag an babhta deiridh chomh maith. 
  • Craobh - Rachaidh an 4 bhuaiteoir in aghaidh a chéile sa tseachtain dheireanach mar chraobh. Seinnfear gach amhrán ar an gclár raidió agus scéalta GX maidin Chédaoin agus beidh 24 uair a' chloig ag na leantóirí/éisteoirí vóta a chaitheamh ar an gceann is fearr leo.

Coinníollacha

  • Táimid ag glacadh le hiarratais ón Aoine 30 Iúil go dtí Aoine 20 Lúnasa - ach mar go mbeidh amhrán nua á roghnú go seachtainiúil, is luaithe is fearr lena sheoladh isteach!
  • Caithfear gur aistriúchán nua atá ann (nach bhfuil le cloisteáil áit ar bith eile) nó amhrán nuachumtha.
  • Roghnófar na hamhráin leis an méid is mó spraoi, spiorad, cruthaitheacht ó thaobh úsaid na Gaeilge de agus a dtaitníonn leis na moltóirí.

Teagmháil
Má tá aon cheist agat faoi iarratas a dhéanamh nó aon rud eile faoin chomórtas, tar i dteagmháil linn ag Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air..


Ádh mór oraibh!

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.