Comórtas Amhrán Tí
Gaeltacht X le RTÉ 2FM
Tá an Comórtas Amhrán Tí ar ais!
Tá riméad ar Gaeltacht X agus RTÉ 2FM a fhógairt go mbeidh Comórtas Amhrán Tí Gaeltacht X ar ais arís i mbliana, agus go leanfaidh traidisiúin an gné lárnach na gcolaistí samhraidh ar aghaidh, cé go bhfuil na coláistí samhraidh dúnta don samhradh, ar chuntais Gaeltacht X agus beo ar an aer ar 2FM Breakfast with Doireann, Donncha and Carl - le láithreoir agus scríbhneoir Ola Majekodunmi, a bheidh mar chomhfhreagraí Gaeltacht X leis an stáisiúin.
Tá GX agus 2FM ag lorg leaganacha Gaeilge d’amhráin chlúiteacha nó amhráin nuachumtha ó dhaoine óga, ina n-aonar nó tríd “Tigh” a chur le chéile agus iad a thaifead thar Zoom nó módh taifeadta eile a chloíann leis an scairiúnt sóisialta.
Gach seachtain roghnófar dhá amhrán. Beidh Ola ar an gclár maidin Chéadaoin leis na hamhráin a sheinnm do Doireann, Donncha agus Carl, agus ansin osclófar pobalbhreith poiblí ar chuntas Instagram Gaeltacht X (@gaeltachtx). Beidh 24 uair a chloig ag na héisteoirí agus na leantóirí vóta a chaitheamh ar son an amhráin is fearr leo sula fhógrófar an buaiteoir ar an gclár maidin Dhéardaoin. Beidh Raidió Rí-Rá, an cairt stáisiúin do dhaoine óga, ag tacú leis an togra chomh maith tríd cuidiú leis na gearrliostaí a roghnú.
Iarratais
Is féidir amhráin a sheoladh isteach anois go dtí Dé hAoine, 20 Lúnasa. Roghnófar amhráin ar bhonn seachtainiúil - mar sin is luaithe a sheolfar isteach d’iarratas, is mó seans go roghnófar é. Rachaidh an chéad bhabhta d’amhráin amach ar an aer Dé Céadaoin, 04 Lúnasa. Seol iarratais go
Treoracha
Coinníollacha
Teagmháil
Má tá aon cheist agat faoi iarratas a dhéanamh nó aon rud eile faoin chomórtas, tar i dteagmháil linn ag
Ádh mór oraibh!
6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: