Is ionann an rang seo agus rang comhrá inar ndéantar forbairt ar scileanna cumarsáide agus labhartha daoine le Gaeilge. Beidh an rang seo ar chaighdeán sách ard agus úsáidfear plé, diospóireachtaí agus cluichí le cumas cumarsáide na bhfoghlaimeoirí a fhorbairt.
Baineann múinteoirí Chonradh na Gaeilge leas as an gcreatlach TEG (Teastas Eorpach na Gaeilge). Tá saoirseacht ag gach múinteoir a chuid ábhair féin a chlúdú chomh maith leis an gcúrsa TEG. Cabhróidh an cúrsa seo dóibh siúd atá ag iarraidh tabhairt faoi na scrúduithe oifigiúla TEG ach is faoin bhfoghlaimeoir atá sé na hullmhúcháin chuí a dhéanamh dos na scrúduithe. Clúdófar réimse leathan d'ábhair: an Ghaeilge labhartha, gramadach na Gaeilge, cluastuiscint, léitheoireacht agus eile
Tús | 17-09-2020 19:00 pm |
Deireadh | 26-11-2020 20:30 pm |
Dáta deiridh | 13-09-2020 23:00 pm |
Líon Áiteanna ar fáil | 4 |
Praghas | €150 |
Ionad | Ar Líne (Am an Chósta Thoir) |