Skip to main content

Ciste Faoisimh agus Athlainseála SPG+ 2020-2021 (Covid 19)

Posted in Glac Páirt.

 

Tagann an t-airgead don chiste seo ón An Roinn Pobal ó thuaidh. Is sciar é an maoiniú seo den chiste airgid £1.2m a cuireadh ar fáil don Ghaeilge ón Barnett Consequential do na healaíona ó thuaidh. Is féidir iarratas ar mhaoiniú a chur isteach idir an 4 Samhain & 2 Nollaig le haghaigh deontas suas le £30,000, más grúpa aitheanta SPG thú, nó a chomhionann de ghrúpa le cailliúintí chostais foirne, nó suas le £15,000 más grúpa cláraithe pobail nó grúpa Gaeilge thú a chomhlíonann na riachtanais thíos luaite.

 

*Tá liosta grúpaí ar éirigh leo maoiniú a fháil fríd an scéim seo luaite ag bun an leathanaigh seo*

 

Léigh na treoirlínte ANSEO sula gcuireann tú isteach foirm iarratais.

Caithfear an fhoirm iarratais ANSEO a líonadh ina hiomláine le cur isteach ar an chiste seo. Ní ghlacfar le hiarratais seachas tríd an fhoirm seo.

 

Spriocdháta

Is féidir iarratais ar mhaoiniú le haghaidh suas le £30,000 nó suas le £15,000 a chur isteach idir an 4 Samhain & 2 Nollaig.


Coinníollacha

Luaitear 5 mhír riachtanais leis an chiste seo:

1. Cailliúintí ioncam tuarastal SPG: 5ú lá nach bhfuil maoinithe ag Foras na Gaeilge ó mhi Aibreán 2020 go deireadh mhí 31ú Márta 2021 de bharr COVID (*baineann seo le grúpaí SPG amháin).
2. Cailliúintí tuarastal eile san eagraíocht ó 1 Aibreán 2020 go 31 Márta 2021 de bharr COVID agus cailliúintí ioncaim
3. Cailliúint ar gnáth-ioncam ó imeachtaí (ranganna / féilte srl.) ó 1 Aibreán 2020 go 31 Márta 2021 de bharr COVID
4. Maoiniú caipitil ar mhaithe le trealamh le cur le cumas an SPG feidhmiú nó clár tógála cumais foirne nó eagraíochta: 1 Eanáir go 31 Márta 2021 (is féidir trealamh digiteach a chuidíonn le grúpaí imeachtaí nua Covid a sholáthar a chur san áireamh anseo. Is féidir ábhair PPE nó sáinábhar eile a chuidíonn le himeachtaí de réir scaradh sóisialta a lua fosta)
5. Feachtas Athspreagadh Pobail / Athseolta grúpa: 1 Eanáir go 31 Márta 2021




- Is féidir le grúpa aitheanta SPG (nó eagraíochtaí Gaeilge eile a bhfuil cáilliúintí foirne breise orthu de bharr COVID) cur isteach ar uasmhéid de £30,000 faoi chritéir 1-5. Baineann critéir 1 le grúpaí SPG amháin.

- Is féidir le grúpa nach bhfuil SPG acu (eagraíochtaí Gaeilge nach bhfuil croí-fhoireann íoctha acu) cur isteach ar uasmhéid de £15,000 faoi chritéir 3-5.

- Ní féidir an maoiniú céanna a lorg ó chiste eile Covid-19 ón An Roinn Pobal fríd an Chiste Infhéistíochta Gaeilge mar a bhaineann leis an scéim seo. Tabhair faoi déara ach go háirithe an coinníoll seo mar a bhaineann sé le critéir 1, 2 agus 3.

- Ní féidir le heagraíocht nó grúpa theacht ar an mhaoiniú seo má tá maoiniú poiblí eile do na riachtanais seo faighte cheana féin, ó aon fhoinse poiblí eile.

- Is scéim iomráiteach é seo a bhfuil barr-mhéid maoinithe ar luach £460,000 luaite leis. Déanfaidh paineál neamhspleách na hiarratais seo a mheas.

- Déanfar tosaíocht d'iarratais ó ghrúpaí SPG maidir le costais fhoirne atá luaite i gcritéir 1.

- Caithfear an fhoirm iarratais ar shuíomh www.cnag.ie a líonadh isteach ina iomláine le cur isteach ar an gciste seo. Ní ghlacfar le hiarratais seachas ar an bhfoirm sin.

- Ní féidir le grúpaí níos mó ná iarratas amháin a chur isteach don chiste seo.

- Tá an ciste seo ar oscailt do ghrúpaí sna sé chontae amháin.

- Má bhronntar maoiniú ar do ghrúpa ón chiste seo beidh gá tuairisc oifigiúil na scéime a chur ar fáil roimh 31 Márta 2021 leis an sciar deireanach den mhaoiniú a fháil.

- Caithfear lógó reatha Conradh na Gaeilge & an An Roinn Pobal a chur ar ábhair bholscaireachta don imeacht / sraith imeachtaí nó tionscadal a bheas maoinithe ag an chiste seo.

- Le cur isteach ar an chiste seo caithfear go mbeadh cuntas bainc ag an ghrúpa & caithfear an ráiteas bainc is déanaí (taobh istigh de 6 mhí ó dháta an iarratais) a chur ar fáil san iarratas.

- Beidh gá le beirt shínitheoirí ón chuntas bainc a ainmniú san iarratas.

- Beidh gá bunreacht an ghrúpa a cheangail leis an iarratas.

- Beidh dualgas ar an ghrúpa an fhianaise chuí a chur ar fáil chun cailliúintí tuarastail agus costais a chrúthú, i bhfoirm ráitis bhainc, agus cuntais bhainistíochta agus airgeadais, de réir mar is cuí.

- Ní mór tionchar COVID a léiriú go sonrach le gach mír den iarratas ar mhaoiniú agus ar impleachtaí an mhaoinithe sin a chur in iúl go soiléir.

- Ní mór trí mheastachán scríofa a chur ar fáil chun aon treallamh ar luach níos airde ná £1,000 a cheannach agus rogha bunaithe ar luach airgid a thógáil san áireamh. Iarrfar ort na meastacháin sin a chur ar fáil sa tuairisc dheiridh.


Airgead

Mar gheall ar an chomhthéacs a bhaineann leis an scéim seo, tabharfar 100% den airgead do ghrúpaí a n-éiríonn leo maoiniú a fháil ar 15 Eanáir 2021. Ní mór do na grúpaí tuairisc dheiridh, ina bhfuil mion chur síos ar chaiteachas, agus taifead iomlán ar admhálacha, a sheoladh chuig Conradh na Gaeolge roimh 31 Márta 2021. Ní bhronnfar aon íocaíocht ar éileamh ar chúitimh chailliúintí d’ioncaim nó tuarastail gan an fhianáise chuí. Cuirfear seicliosta de na riachtanais chaipéisíochta seo ar fáil.

Mura gcomhlíonfar coinníollacha na scéime seo tá seans go n-iarrfar ort an deontas a áisíoc. Déanfar caiteachas iomlán na scéime seo a mheas go leanúnach agus cuirfear fianáise leanúnach ar fáil don An Roinn Pobal agus a foireann airgeadais de réir mar a iarrtar é.


Seisiún Eolais

Teagmháil & Tacaíocht

Más mian leat teagmháil a dhéanamh le Conradh na Gaeilge maidir leis an scéim seo is féidir sin a dhéanamh trí Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

 

Ciste Covid Sheachtain na Gaeilge

Gach eolas faoi Chiste Covid Sheachtain na Gaeilge ar fáil ANSEO.

 

Grúpaí ar éirigh leo maoiniú a aimsiú sna scéimeanna seo

SPG+  Suim a bronnadh ar gach grúpa
Craobh an Iúir, Gaelaras Mhic Ardgháil  £13,200.00
Turas  £27,332.00
An Droichead Teo.  £14,228.61
Cumann Gaelach Leath Chathail  £22,885.09
Cairde Teo.  £29,631.98
Comhaltas Uladh  £13,475.00
Ceoltóirí Lúraigh £13,249.00
Gaelchúrsaí  £4,131.00
Pobal ar a'n Iúl  £8,676.24
Craobh Chabhán an Chaorthainn  £450.00
Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain  £13,139.63
Naíscoil Ghreanacháin  £4,931.77
Gaelphobal Ard Mhacha Theas  £14,554.77
Cairde Uí Néill  £19,009.30
Glór Mhachaire Fíolta  £11,967.93
Glór na Speiríní  £24,920.33
Boirche Iochtar  £1,000.00
Ionad Uíbh Eachach  £18,722.66
An Chraobh Rua, Dún Geanainn, Comhaltas Uladh de Chonradh na Gaeilge  £1,000.00
Cumann Óige Uachtar Chluanaí  £14,934.30
Cultúrlann McAdam Ó Fiaich  £19,664.25
Raidio Failte  £19,860.00
Ogras na hOmaí  £5,191.92
Cultúrlann Uí Chanáin, Doire  £15,200.00
Glór na Móna  £25,223.21
Glór Uachtar Tíre  £15,854.65
Nós  £10,505.00
Coiste Forbartha Charn Tóchair  £29,315.65
Naíscoil na Fíobha  £6,681.93
Fóram na nÓg  £8,300.00

 

 

RoinnCnag1 1

 

 

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.