Skip to main content

Halla Íde


Halla Íde, LuimneachIs lárionad Gaeilge i Luimneach é Halla Íde agus tá Naíonra Ríocht na Sí, Siopa Leabhar agus oifig eolais ann chomh maith le seomraí ranga agus An Chistin san íoslach.

Tá An Siopa Leabhar ar oscailt 6 lá in aghaidh na seachtaine agus stoc maith leabhar ann, le béim ar leabhair Luimnigh. Tá cupán tae nó caife ar fáil ann do chuairteoirí agus do chustaiméirí araon agus tá an oifig eolais lárnach in eagrú imeachtaí, plé le fiosruithe agus mar áis chumarsáide. Feartar fáilte romhat teacht isteach lá ar bith!

Rinneadh athchóiriú ar an áras le cúpla bliain anuas agus tá áiseanna de chaighdeán ard san fhoirgneamh anois mar aon le Scéim Phobail Ghaeilge Luimnigh, arna stiúradh ag Craobh Chathair Luimnigh de Chonradh na Gaeilge. Tá an úsáid is fearr á mbaint astu chun níos mó tacaíochta a thairiscint do phobal na Gaeilge i Luimneach trí bhreis seirbhísí a ofráil in ionad siamsaíochta agus oideachais tarraingteach, ar mhaithe leis an bpobal teanga sa chathair agus sa cheantar máguaird a chothú.

Is liosta le háireamh na himeachtaí a bhíonn ar bun i Halla Íde agus bíonn ceol, amhráin agus rince ar siúl ins An Chistin go tráthrialta chomh maith le hócáidí drámaíochta agus filíochta. Tá cóiriú nua déanta ar an gCistin thraidisiúnta le blianta beaga anuas agus tá an-éileamh ar an láthair seo. Tá An Siopa Leabhar oiriúnach do léamh filíochta, seoladh leabhar, léachtaí, taispeántais, agus ócáidí sóisialta eile.

Tá eagrú ranganna Gaeilge mar bhunchloch ag ionad mar Halla Íde agus cuirtear an tseirbhís seo ar fáil don phobal le ranganna ar leibhéil éagsúla gach téarma freisin.

Teagmháil:

Halla Íde
18 Sráid Thomáis
Luimneach

Guthán: +353 (0)61 417895
Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.
Suíomh: www.cnag.ie

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.