Skip to main content

Bunreachtanna do Chumainn Ghaelacha 3ú Leibhéal

Posted in Tríú Leibhéal.

Is gnáth nós é do Chumainn Ghaelacha 3ú Leibhéal bunreacht a bheith acu, a dhéanann a gcuid aidhmeanna, rialacha, róil agus rudaí tábhachtacha eile a leagadh amach go docht is go soiléir. Is minic gur gá do chumainn bunreacht a bheith acu le aitheantas oifigiúil a fháil sa choláiste, agus molann muidne mar dhea-chleachtas fosta go mbeadh bunreacht ag ár gcraobhacha 3ú Leibhéal uilig. 

Céard is bunreacht ann?
Tá bunreacht déanta suas de altanna nó airteagail. Tá riail shonrach i ngach alt maidir le gné áirithe de reáchtáil an chumainn, agus déantar iad a ghrúpáil faoi cheannteidil cosúil le ‘Cruinnithe’, ‘Poist an Choiste’, ‘Ballraíocht’, srl. (Féach ar an teimpléad thíos). Ar an iomlán, ba cheart go ndéanfadh an bunreacht cur síos iomlán ar an dóigh a ba cheart don chumann a bheith reáchtáilte ag an choiste, chomh maith leis na haidhmeanna agus na freagrachtaí atá ag an chumann do na baill.

Cén fáth gur cheart dúinn bunreacht a bheith againn?
Is uirlis é an bunreacht a chinntíonn gníomhaíochtaí an chumainn go gearr agus go fad-théarma, chomh maith le a bheith mar threoir in obair an chumainn. Cinntíonn sé go bhfuil a fhios ag oifigigh nua-thofa caidé atá orthu a dhéanamh ina bpoist, chomh maith le cé na rialacha atá orthu a leanstan agus cé na spriocanna a ba cheart go mbeadh acu. 

Tá an bunreacht úsáideach fosta mar uirlis thagartha i gcás go bhfuil easaontú faoi reáchtáil an chumainn. Thiocfadh le seo tarlú dá mbeadh argóint idir bhaill den coiste, nó má tá gnáthbhaill míshásta leis an bhealach atá an cumann á reáchtáil. Cé gur fearr, ar ndóigh, saincheisteanna den sórt sin a réiteach trí chomhthoil agus comhréiteach idir baill an choiste, nó trí freastal ar riachtanais bhreise bhaill an chumainn, is féidir dul i gcomhairle rialacha an bhunreachta más gá. 

Leasuithe ar an Bhunreacht
Tagann amannaí chun cinn nuair atá gá le athruithe a dhéanamh ar an bhunreacht. Thiocfadh go dtarlódh seo dá mbeadh forbairt tagtha ar réimse oibre an chumainn (mar shampla, dá mbeadh suíomh gréasáin curtha ar bun ag an chumann, bheadh gá le cúram an tsuímh a chur faoi ceann de na hoifigigh, nó oifigeach teicneolaíochta a chur leis na róil, agus rialacha a leagadh amach maidir le reáchtáil an tsuímh), nó mura eiríonn leis an mbunreacht freastal ar riachtanais an chumainn (mar shampla, munar leor an bunreacht le réiteach a thabhairt ar easaontú, nó má thagann an bunreacht salach air féin de bharr constaicí athraithe). 


Bunreachtanna do Chumainn Ghaelacha
Seo thíos roinnt bunreachtanna ónár gcraobhacha fá láthair. Ní féidir linn gealladh go bhfuil siad seo cruinn nó suas chun dáta, agus is féidir gur tháinig athruithe ó cuireadh an liosta seo le chéile. Ní gur foinse chruinn atá in ainm is a bheith anseo, ach gur féidir é a úsáid le comparáid a dhéanamh idir choláistí, agus le cruth a thabhairt do chumainn úra ar an méid atá i gceist le bunreacht agus iad ag iarraidh ceann a chruthú dóibh féin. 

Ba mhaith linn cur leis an liosta seo amach anseo, mar sin mura bhfuil bunreacht ó do chraobh anseo, bí i dteagmháil linn. 

Cumann Gaelach TCD - BunreachtTCD.pdf
Cuallacht na Gaeilge, Má Nuad -BunreachtMáNuad.pdf
Cumann Gaelach UCD -Bunreacht
An Chuallacht, UCCBunreacht_Chuallacht_UCC.pdf


Acmhainní
Seo thíos roinnt acmhainní a féidir úsáid a bhaint astu le bunreacht a scríobh, nó mar uirlis thagartha sa chás gur mhaith le cumann bunreacht a uasdhátú nó a fhorbairt. Tá ár gcomhordaitheoir Tríú Leibhéal i gcónaí sásta lámh chuidithe a thabhairt fosta - déan teagmháil le Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Bunreacht Samplach le húsáidBunreacht_Samplach.docx

Foinsí Eile
Treoir Bhunreachta, Cumann Mac Léinn Ollscoil Dhún Éideann - Constitution-Template-version-1.doc
Bunreacht Samplach Choláiste na hOllscoile, Corcaigh - New-Societies-Sample-Constitution_1.docx
Bunreacht Samplach, Lár-Choiste na gCumann, Coláiste na Tríonóide - Sample-Constitution-2013.docx

Naisc Chuidiúla
http://societies.ucc.ie/
http://trinitysocieties.ie/
https://www.thestudentroom.co.uk/university/life/running-a-university-society
https://socs.nuigalway.ie/
https://qubsu.org/ClubsSocieties/HowtoStartaCluborSociety/
https://www.glasgowstudent.net/clubs/handbook/running-club-society/

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.