Conas Clárú Mar Bhall Aonair

Cuireann Conradh na Gaeilge fáilte romhat ballraíocht aonair a ghlacadh linn! Freastalaíonn an córas ballraíochta ar an duine nach bhfuil in ann, ar chúiseanna éagsúla, páirt a ghlacadh in obair chraoibhe ach ar mhaith leis/léi a bheith páirteach i gcur chun cinn na Gaeilge. 

Mar bhall aonair den Chonradh:

  • Gheobhaidh baill aonair gach eolas faoi na feachtais agus na himeachtaí a bhíonn ar siúl ag ár n-oifigí agus ag ár gcraobhacha;

  • Tá deis ag gach ball freastal ar an Ard-Fheis gach bliain lena c(h)uid tuairimí a nochtadh agus páirt a ghlacadh sna díospóireachtaí agus in obair na heagraíochta;

  • Tá deis ag gach ball aonair duine amháin a mholadh lena t(h)oghadh don uachtaránacht, don dá spás a bheidh ar fáil do bhaill aonair ar Choiste Gnó an Chonartha agus don spás a bheidh ar fáil do bhaill aonair ar Bhord Stiúrtha Sheachtain na Gaeilge; 

  • Tá an deis ag gach ball aonair rún amháin, nach rún bunreachta é, a mholadh ag Ard-Fheis an Chonartha.


Foirm Chláraithe

Déan docan fhoirm chlárúcháin nó an fhoirm ar líne a chomhlíonadh agus a sheoladh ar ais leis an táille ballraíochta de €20 chuig Ard-Oifig Chonradh na Gaeilge. Ní mór go mbeadh an fhoirm agus an táille ballraíochta faighte againn san Ard-Oifig 10 seachtain roimh an Ard-Fheis ar a dhéanaí. Cuirfear d'iarratas thar bhráid an Choiste Ghnó le do chuid bhallraíocht a dheimhniú.

Seol an fhoirm agus an táille chuig na sonraí thíos. Más fearr leat íoc le cárta dochair nó creidmheasa, cuir glaoch ar an oifig nó úsáid an fhoirm ar líne.


Teagmháil: 

Ciarán Wadd, Feidhmeannach Ballraíochta & Oideachas,
6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.
Guthán: +353 (0)1 4757401

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge