Cláraigh Craobh

Ballraíocht Craoibhe a nuashonrú nó craobh nua a chlárú

Tá Craobhacha de chuid Chonradh na Gaeilge suite ar fud an domhain. Níl de dhíth le craobh a bhunú ach coiste atá sásta imeachtaí sóisialta a eagrú ina gceantar féin, nó ar mhaith leo páirt a ghlacadh i gcóras daonlathach na heagraíochta. Bíonn vóta ag gach craobh ag Ard Fheis Chonradh na Gaeilge chuile bhliain. Cuirfear eolas agus nuachtlitreacha ar fáil do chraobhacha, chomh maith le hardán lena scéalta agus eolas faoin n-imeachtaí a scaipeadh.  

Cláraigh Craobh Nua (Saor in aisce)

Déan an fhoirm do Chraobh Nua 2019/20 a chomhlíonadh agus a sheoladh chuig Ard-Oifig Chonradh na Gaeilge. Caithfidh an fhoirm seo dul faoi bhráid Choiste Gnó an Chonartha roimh go mbeidh an Chraobh deimhnithe agus ballraíocht le Conradh na Gaeilge bailí.

Athchláraigh Craobh (€50 ar bhliain amháin, €140 ar 3 bhliana, €200 ar 5 bhliana)

Déan an fhoirm athchlárúcháin a chomhlíonadh agus a sheoladh chuig Ard-Oifig Chonradh na Gaeilge mar aon leis an táille bhallraíochta cuí (€50 ar bhliain amháin, €140 ar 3 bhliana agus €200 ar 5 bhliana). Is gá an fhoirm agus an táille a sheoladh isteach ar a laghad 10 seachtain roimh Ard-Fheis 2020 le bheith i dteideal vótaí a chaiteamh. 

*Tá sé ríthábhachtach go bhfuil sonraí reatha ag an Ard-Oifig ionas go bhfaighfidh gach craobh comhfreagras rialta*


Teagmháil: 

Ciarán Wadd, Feidhmeannach Ballraíochta & Oideachas

Guthán: +353 (0)1 4757401
Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge