bliain na gaeilge 2018

Conas Clárú Mar Bhall Aonair

Cuireann Conradh na Gaeilge fáilte romhat ballraíocht aonair a ghlacadh linn! Freastalaíonn an córas ballraíochta ar an duine nach bhfuil in ann, ar chúiseanna éagsúla, páirt a ghlacadh in obair chraoibhe ach ar mhaith leis/léi a bheith páirteach i gcur chun cinn na Gaeilge. 

Mar bhall aonair den Chonradh:

  • Gheobhaidh baill aonair gach eolas faoi na feachtais agus na himeachtaí a bhíonn ar siúl ag ár n-oifigí agus ag ár gcraobhacha;

  • Tá deis ag gach ball freastal ar an Ard-Fheis gach bliain lena c(h)uid tuairimí a nochtadh agus páirt a ghlacadh sna díospóireachtaí agus in obair na heagraíochta;

  • Tá deis ag gach ball aonair duine amháin a mholadh lena t(h)oghadh don uachtaránacht, don dá spás a bheidh ar fáil do bhaill aonair ar Choiste Gnó an Chonartha agus don spás a bheidh ar fáil do bhaill aonair ar Bhord Stiúrtha Sheachtain na Gaeilge; 

  • Tá an deis ag gach ball aonair rún amháin, nach rún bunreachta é, a mholadh ag Ard-Fheis an Chonartha.


Foirm Chláraithe

Déan docan fhoirm chlárúcháin nó an fhoirm ar líne a chomhlíonadh agus a sheoladh ar ais leis an táille ballraíochta de €20 chuig Ard-Oifig Chonradh na Gaeilge. Ní mór go mbeadh an fhoirm agus an táille ballraíochta faighte againn san Ard-Oifig 10 seachtain roimh Ard-Fheis 2019 ar a dhéanaí. Cuirfear d'iarratas thar bhráid an Choiste Ghnó le do chuid bhallraíocht a dheimhniú.

Seol an fhoirm agus an táille chuig na sonraí thíos. Más fearr leat íoc le cárta dochair nó creidmheasa, cuir glaoch ar an oifig.


Teagmháil: 

Jill Mc Mahon, Oifigeach Ballraíochta & Oideachas,
6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.
Guthán: +353 (0)1 4757401

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge