bliain na gaeilge 2018

Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge 2018

Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge 2018

Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge 2018 
125 Bliain Ar Aghaidh: Fís, Forbairt & Fás
Óstán Meadowlands, Trá Lí, Co. Chiarraí
23 - 25 Feabhra 2018

AMCHLÁR
Dé hAoine, 23 Feabhra 2018

14.00 – 17.00 Ceardlanna do na Craobhacha:

a. Conas Photoshop a úsáid
b. Na Meáin Shóisialta

15.00 – 16.00 Cruinniú Bhord Sheachtain na Gaeilge
18.00 – 18.30 Cruinniú den Choiste Gnó
20.00 – 20.20 Oscailt na hArd-Fheise
20.20 – 20.30 Caint ó Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge
20.30 – 22.00 Plé: 125 Bliain Ar Aghaidh – Tiomantas na Rialtas don Ghaeilge & don Ghaeltacht
22.00 Siamsaíocht agus Fáiltiú do theachtaí na hArd-Fheise agus cairde

Dé Sathairn, 24 Feabhra 2018

08.15-08.45 Caint um bhricfeasta
09.00 – 09.30 Tús le gnó na hArd-Fheise: Tuairisc ar airgeadas agus ar fhorbairt na heagraíochta
09.30 – 10.30 Toghchán don Uachtaránacht (le linn an phlé)
09.30 – 12.15 Na rúin le plé (rúin bhunreachta san áireamh)
11.00 - 12.30 Toghchán don Choiste Gnó (le linn an phlé)
12.15 - 13.00 Ceardlanna:

a. Comóradh 125 Bliain an Chonartha
b. Seachtain na Gaeilge a fhorbairt agus a fhás
c. 125 Bliain Ar Aghaidh – Timireacht sa 21ú Aois

13.00 - 13.20 Tuairiscí ó na heagraíochtaí faoi scáth an Chonartha:

14.00 – 16.00 Seoladh Sheachtain na Gaeilge le Energia le Lá Teaghlaigh i dTrá Lí
20.00 - 20.30 Fáiltiú
20.30 Dinnéar na hArd-Fheise, Siamsaíocht agus Gradaim Chonradh na Gaeilge

LÓISTÍN
Cá mbeidh an lóistín don Ard-Fheis in 2018?
Beidh an lóistín don Ard-Fheis ar fáil in Óstán Meadowlands.

Cén costas a bheidh ar an lóistín?
Tá praghsanna speisialta á gcur ar fáil ag an óstán don Ard-Fheis. Is fiú lóistín a chur in áirithe go luath, mar sin, leis na praghsanna speisialta seo a chinntiú duit féin agus d’aon duine eile a bheidh ag teacht leat chuig an Ard-Fheis. Tá na praghsanna speisialta luaite thíos:

Seomra   Duine Aonair   Beirt Ag Roinnt
Aoine & Satharn le dinnéar na hArd-Fheise san
áireamh
  €160   €120 an duine
Aoine amháin   €65   €45 an duine
Satharn le dinnéar na hArd-Fheise san áireamh   €95   €75 an duine

Conas a chuirim lóistín in áirithe?
Is féidir lóistín a chur in áirithe ar na praghsanna speisialta thuas trí ghlaoch ar an óstán ag +353 (0)66 7180444 nó is féidir clárú ar-líne ag www.bit.ly/ostanAF2018.

An féidir liom clárú do Dhinnéar na hArd-Fheise mura bhfuil mé ag fanacht san óstán?
Mura bhfuil tú ag fanacht san óstán, is féidir fós ticéad don dinnéar a chur in áirithe trí ghlaoch ar an Ard-Oifig ag +353 (0)1 47574041 nó trí ríomhphost a chur chugainn ag Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air..

Tá costas €30 ar an dinnéar 4 chúrsa.

An bhfuil práinn leis an lóistín a chur in áirithe?
Níl ach líon áirithe seomraí in áirithe san óstán agus moltar duit, mar sin, lóistín a chur in áirithe chomh luath is gur féidir, ach go cinnte roimh 02 Feabhra 2018, le cinntiú go mbeidh seomra agat ar na praghsanna speisialta luaite thuas.

Ag tnúth le bualadh le baill, Craobhacha agus cairde ag Ard-Fheis 2018!

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge