Déan Síntiús
An bhfuil cáipéis agat le haistriú nó le profáil?
Tá seirbhís ag Conradh na Gaeilge a bheidh in ann cabhrú leat.
Is féidir linn aistriúcháin ó Ghaeilge go Béarla agus ó Bhéarla go Gaeilge a sholáthar, ag teacht leis an gCaighdeán Oifigiúil, 2017 agus leis na dea-chleachtais scríbhneoireachta eile atá ann sa dá theanga.
Is féidir linn cáipéis de gach saghas agus fad a aistriú - ó cháipéisí dlíthiúla go fógraí margaíochta. Níl aon cháipéis ró-mhór nó ró-bheag dúinn.
Cuireann Conradh na Gaeilge seirbhís phrofála ar fáil ar cháipéisí Gaeilge freisin.
Líon an fhoirm thíos le meastachán a fháil.
Is féidir meastachán a fháil chomh maith trí theagmháil a dhéanamh le aistriuchan@cnag.ie agus chun foghlaim faoi na rátaí éagsúla a ghearrtar. Is féidir glaoch a chur orainn ar 01 475 7401 freisin le labhairt le duine den fhoireann faoi do chuid aistriúcháin. Coimeádtar gach eolas a bhaineann le meastacháin faoi rún agus ní roinnfear le haon tríú pháirtí é.Beidh sé faoi dhiscréid na heagraíochta na cáipéisí a nglacfar leo agus bheadh gá nach mbeidís i gcoinne bhunreacht na heagraíochta.Ní dhéanfar aistriúchán nó profáil ar aistí nó ábhair a mbeidh measúnú ollscoile nó scoile déanta orthu.