Ceist agat faoi chúrsaí dlí? B'fhéidir go bhfuil tú ag fiosrú an féidir leis an mbanc ús do mhorgáiste a ardú? An bhfuil d’fhostóir ábalta scaoileadh leat gan iomarcaíocht a íoc leat? Céard iad na cearta atá ag tionónta nó ag tiarna talún? An bhfuil sé de cheart agat labhairt leis an mbreitheamh i nGaeilge? Cén dóigh ar féidir leat tiomna a dhéanamh amach?
Tá An tSeirbhís Saor-Chomhairle Dlí Náisiúnta trí Ghaeilge arna eagrú ag Conradh na Gaeilge agus ag Craobh na gCeithre Cúirteanna i bpáirt le Free Legal Advice Centres (FLAC), eagraíocht chearta daonna neamhspleách atá tiomanta le teacht ar cheartas a chinntiú do gach duine. Chuige seo, cuireann FLAC dlíodóirí gairmiúla ar fáil in aisce in ionaid éagsúla ar fud na tíre chun roinnt seirbhísí dlí bunúsacha a sholáthar do dhaoine nach mbeadh sé d’acmhainn acu teacht ar chomhairle dlí ar bhealach ar bith eile.
Cuireann An tSeirbhís Saor-Chomhairle Dlí Náisiúnta rochtain chomhionann dlí agus chirt ar fáil, trí Ghaeilge agus gan chostas, do gach duine atá á lorg, sa Ghalltacht nó sa Ghaeltacht. Is cuma má tá tú i gcoimhlint le fadhbanna teaghlaigh, creidmheasa agus dochar, cearta fostaíochta, nó díreach ag lorg eolais ar cheist dlí, cuireann An tSeirbhís Saor-Chomhairle Dlí comhairle dlí ar fáil trí Ghaeilge agus in aisce sna hionaid seo timpeall na tíre gach mí:
Cúige Chonnacht
Áras na nGael
45 Sráid Doiminic
Cathair na Gaillimhe
5.30 – 7.00in
An chéad Chéadaoin den mhí
Caithfear coinne a dhéanamh roimh ré trí ghlaoch ar Áras na nGael: +353 (0)91 567824
Cúige Laighean
Uimhir 6
Sráid Fhearchair
Baile Átha Cliath 2
6.00 – 7.00in
An chéad Déardaoin den mhí
Caithfear coinne a dhéanamh roimh ré trí ghlaoch ar Uimhir 6: +353 (0)1 4757401
Cúige Mumhan
Áras Faisnéise na Saoránach
80 An Meal Theas
Corcaigh
6.30 – 8.00in
An dara agus an tríú Céadaoin den mhí
Caithfear coinne a dhéanamh roimh ré trí ghlaoch ar an Áras: +353 (0)21 4277377
Cúige Uladh
An Chrannóg
Doirí Beaga
Gaoth Dobhair
Co. Dhún na nGall
2.00 - 4.00in
An Satharn deireanach den mhí
Caithfear coinne a dhéanamh roimh ré trí ghlaoch ar An Chrannóg: +353 (0)74 9532208
Déan teagmháil leis An tSeirbhís Saor-Chomhairle Dlí
www.seirbhisdli.ie | Facebook | Twitter
Rachaidh duine ar ais i dteagmháil leat leis an gceist nó leis an gcás a phlé leat.
6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: