Cé gur feachtas nuabhunaithe é TINTEÁN, tá bunchloch láidir, leathan aige leagtha amach ag ceannródaithe na feachtasaíochta teanga. Is gluaiseacht í seo atá fréamhaithe i gcearta. Ní gá gur de bhunadh na Gaeltachta thú, agus ní gá go mbeadh cónaí ort sa Ghaeltacht, le tacú léi. Is le gach éinne a sheasann ar son chearta daonna, ar son chearta teanga, ar son chearta tithíochta, agus ar son na Gaeltachta an ghluaiseacht seo agus tá a ról féin le h-imirt ag gach éinne againn.
Is féidir an feachtas a leanúint ar Instagram ag @tinteandonghaeltacht