Fáilte chuig an leathanach tríú leibhéal do Ghairmeacha le Gaeilge. Tá earnáil na Gaeilge leathan agus fairsing, is tá sé ag éirí níos mó bliain ar bhliain. Anseo, gheobhaidh tú píosa beag eolais ar fhostaíocht le Gaeilge, chomh maith le tacaíochtaí agus áiseanna úsáideacha ar an ábhar.
Tá Seimineáir Ghairmeacha le Gaeilge ar ais don bhliain acadúil 2020/21.
Tá sé mar aidhm ag na ceardlanna seo eolas a roinnt ar na deiseanna fostaíochta le Gaeilge atá ar fáil do mhic léinn tar éis na hOllscoile, cén dóigh a féidir cur isteach orthu agus cén dóigh lena mbaint amach. Díreofar isteach ar mhíreanna éagsúla, le deiseanna in Éirinn, san Aontas Eorpach agus thar lear san áireamh. Clúdófar gairmeacha san éarnáil oideachais, sna meáin, sa státseirbhís agus in eagraíochtaí Gaeilge, poist aistriúcháin agus go leor eile. Tabharfar eolas fá phróisis chlárúcháin, ullmhú C.V agus leideanna eile le tú a dhéanamh réidh le cur isteach ar shaol oibre na Gaeilge.
Maireann an ceardlann thart fá uair a’ chloig, agus bíonn sé reáchtáilte trí Ghaeilge. Ní ghearrfar aon chostas ar an gceardlann.
Tá an tSeimineár ar fáil le cur in áirithe do:
- Léachtóirí / Foireann Ollscoile
- Cumainn Ghaelacha
- Aontais Mac Léinn
- Grúpaí eile ag plé le mic léinn tríú leibhéal
Tá na ceardlanna seo á reáchtáil mar chuid de Seó Bóthair 3ú Leibhéal Chonradh na Gaeilge, mar ghné dhigiteach ag teacht le riachtanais slándála in aimsir an choróinvíris Covid-19. Tá rogha an ceardlann a chur ar siúl ar líne trí Zoom Webinar, nó nuair a cheadaítear faoi srianta rialtais, ar champas.
Bí i dteagmháil le
Tá Gairmeacha le Gaeilge reáchtáilte mar chuid den obair 3ú Leibhéal atá ar bun faoin tionscadal Gluaiseacht, maoinithe ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta.
Cuireann PEIG.ie go leor ábhar cuidiúil ar fáil do dhaoine ag cuardach poist in earnáil na Gaeilge. Ar smaoinigh tú riamh ar cén cineál leagan amach a ba ceart go mbeadh ar do C.V? Céard faoi na deiseanna atá ann le post a bhaint amach san Aontas Eorpach? An bhfuil tú eolach ar na poist atá ar fáil faoi láthair? Caith súil ar na hacmhainní thíos i gcomhair tuilleadh eolais.
Clúdaítear na topaicí seo uilig agus níos mó sna ceardlanna thuasluaite, agus tá siad mar thacaíocht maith le súil a chaitheamh siar orthu tar éis na ceardlanna.
6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: