Skip to main content

Tá áthas orainn a rá go bhfuil Ceardlann nua speisialta ar fáil anois do scoileanna Gaeltachta & Gaelcholáistí!

Cé dóibh atá sí?

Tá na ceardlanna seo dírithe ar dhaltaí sa 5ú & 6ú Bliain i nGaelcholáistí & scoileanna Gaeltachta. Is leanúint í seo ón Seó Bóthair (atá dírithe ar ranganna Idirbliana) le tuilleadh eolais ar chearta teanga, deiseanna fostaíochta trí Ghaeilge agus deiseanna eile páirt a ghlacadh i bpobal na Gaeilge tar éis na hArdteiste.

***Tá na ceardlanna saor in aisce & ar fáil do scoileanna Gaeltachta & Gaelcholáistí amháin.
 

Cé Dóibh atá sé?

Tá dhá leagan den cheardlann seo ar fáil:

Ceardlann 5ú bliain:

Ceardlann 5ú Bliain:

Is leanúint é an cheardlann seó ón Seó bóthair dírithe ar lucht na 5ú bliana le tuilleadh cainte ar Cearta Teanga, deiseanna fostaíochta agus Gairmeacha eile le Gaeilge. maireann an cheardlann seo 50 nóiméad agus is féidir s féidir le 50 dalta ar an uasmhéid a bheith in aon cheardlann amháin.

Ceardlann 6ú bliain:

ceardlann 6ú bliain:

Tá an cheardlann seó curtha le chéile againn igcomhair daltaí sa 6ú bliain 's iad ag druidim le deireadh a gcuid ama sa mheánscoil. Ag obair í ngrúpaí chun taithí pearsanta a fháil ag déanamh Gairm le Gaeilge, beidh ar na daltaí ról a imirt í bpoist éagsúla ina bhfuil an Ghaeilge ag teastáil. Maireann an cheardlann seo 80 nóiméad.

Téama na ceardlainne: An Ghaeilge i do thodhchaí


Táimid ag iarradh scoláirí i nGaelcholáistí & scoileanna Gaeltachta a chur ar an eolas faoi na buntáistí atá acu tosc go bhfuil an Ghaeilge acu sula leanann siad ar aghaidh chuig an chéad chéim eile sa saol.

Tá Earnáil na Gaeilge ag dul ó neart go neart agus tá go leor post ar fáil leis an nGaeilge in Éirinn agus san Eoraip le blianta beaga anuas. Ba mhaith linn eolas a roinnt faoi na poist seo agus faoi na cúrsaí tríú leibhéal a bheidh go mór ina gcabhair dóibh siúd atá ag iarraidh post leis an nGaeilge a bhaint amach.

An Scoilbhliain 2024/25

Beidh triúr Chomhordaitheoirí ar an mbóthar i mbliana leis an Seó Bóthair a reáchtáil ar fud na tíre - Comhordaitheoir don Iarthar agus Gaeltacht, Deisceart agus Gaeltacht agus Oirthear.

DÓNALL BREATHNACH

DEISCEART AGUS GAELTACHT

This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it.

+353 87 4848713

Cill Mhantáin

Ceatharlach                   

Ciarraí

Cill Chainnigh

Clár

Corcaigh

Loch Garman

Luimneach

Port Láirge

Tiobráid Árainn

ÓRLA NIC CON NA BÚILLE

IARTHAR AGUS GAELTACHT

This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it.

+353 83 1624925

Cabhán

Dún na nGall           

Gaillimh     

Iarmhí

Laois

Liatroim

Longfort

Maigh Eo

Ros Comáin

Sligeach 

Uíbh Fhailí

AOIFE CURTIS

OIRTHEAR

This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it.

+353 87 7093436

Aontroim 

Ard Mhacha                            

Baile Átha Cliath     

Cill Dara

Doire

Fear Manach

Muineacháin

Tír Eoghain

Dún

Tá na Ceardlanna seo mar chuid den fheachtas Gluaiseacht.

Tá sé mar aidhm ag an bhfeachtas daoine óga a spreagadh lena gcuid Gaeilge a úsáid lasmuigh den Seomra Ranga agus tar éis an scoil a fhágáil. Léirímid dóibh na bealaí éagsúla inar féidir an Ghaeilge a úsáid lasmuigh den seomra ranga, bíodh sin ina ngairm bheatha amach anseo, ina gceantar féin, laistigh dá dteaghlach nó go simplí ina saol laethúil.

 tuilleadh eolais a fháil faoi Gluaiseacht ag This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it.

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach, Baile Átha Cliath 2 D02 X201
Phone: +353 (0) 1 475 7401, Email: This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it.