Skip to main content

Léibhéil Éagsúla Chúrsaí Chonradh na Gaeilge

Posted in General.

 

Seo hiad na leibhéil éagsúla atá ar siúl in Uimhir a 6, Sráid Fhearcair, BÁC2 agus in Áras na nGael, Gaillimh:

 

Tosaitheoirí 1: Tá Tosaitheoirí 1 oiriúnach do ghlantosaitheoirí nach bhfuil aon eolas acu ar an nGaeilge cheana féin. Leibhéal TEG (Teastas Eorpach na Gaeilge - www.teg.ie) = A1.

Tosaitheoirí 2: Tá Tosaitheoirí 2 oiriúnach do dhaoine a bhfuil Tosaitheoirí 1 nó cúrsa tosaitheoirí eile déanta acu agus Gaeilge an-bhunúsach foghlamtha acu. Leibhéal TEG (Teastas Eorpach na Gaeilge - www.teg.ie) = A1.

Bunrang 1: Tá Bunrang 1 oiriúnach do dhaoine a bhfuil beagán Gaeilge acu, de ghnáth ón scoil, agus iad ag iarraidh cúrsa athnuachana ag leibhéal bunúsach a dhéanamh chun athfhoghlaim agus athneartú a dhéanamh ar a gcuid Gaeilge. Leibhéal TEG (Teastas Eorpach na Gaeilge - www.teg.ie) = A2.

Bunrang 2: Tá Bunrang 2 oiriúnach do dhaoine a bhfuil Bunrang 1 nó cúrsa athnuachana eile déanta acu. Bíonn beagán Gaeilge acu, de ghnáth ón scoil, agus iad ag iarraidh cúrsa athnuachana ag leibhéal bunúsach a dhéanamh chun athfhoghlaim agus athneartú a dhéanamh ar a gcuid Gaeilge. Leibhéal TEG (Teastas Eorpach na Gaeilge - www.teg.ie) = A2.

Meánrang 1: Tá Meánrang 1 oiriúnach do dhaoine a bhfuil tuiscint réasúnta maith acu ar an nGaeilge ach nach bhfuil muinín acu in úsáid na Gaeilge. Leibhéal TEG (Teastas Eorpach na Gaeilge - www.teg.ie) = B1.

Meánrang 2: Tá Meánrang 2 oiriúnach do dhaoine a bhfuil tuiscint réasúnta maith acu ar an nGaeilge ach nach bhfuil muinín acu in úsáid na Gaeilge. Leibhéal TEG (Teastas Eorpach na Gaeilge - www.teg.ie) = B2.

Ardrang 1: Tá Ardrang 1 oiriúnach do dhaoine a bhfuil Gaeilge mhaith acu agus atá ag iarraidh feabhas a chur ar a gcuid scileanna cumarsáide, mar shampla foghraíocht, nathanna cainte, gramadach agus stór focal. Leibhéal TEG (Teastas Eorpach na Gaeilge - www.teg.ie) = B2 / C1.

Ardrang 2: Tá Ardrang 1 oiriúnach do dhaoine a bhfuil Gaeilge mhaith acu agus atá ag iarraidh feabhas a chur ar a gcuid scileanna cumarsáide, mar shampla foghraíocht, nathanna cainte, gramadach agus stór focal. Leibhéal TEG (Teastas Eorpach na Gaeilge - www.teg.ie) = C1.

Rang Cruinnis: Tá an Rang Cruinnis oiriúnach do dhaoine a bhfuil Gaeilge mhaith acu agus atá compordach ag labhairt as Gaeilge agus iad ag iarraidh níos mó cruinnis a bhaint amach, go háirithe i scríobh na Gaeilge. Tá sé oiriúnach do dhaoine a bhaineann úsáid as an nGaeilge san áit oibre. Leibhéal TEG (Teastas Eorpach na Gaeilge - www.teg.ie) = C1.

Baineann múinteoirí Chonradh na Gaeilge leas as an gcreatlach TEG (Teastas Eorpach na Gaeilge). Tá saoirseacht ag gach múinteoir a chuid ábhair féin a chlúdú chomh maith leis an gcúrsa TEG. Cabhróidh an cúrsa seo dóibh siúd atá ag iarraidh tabhairt faoi na scrúduithe oifigiúla TEG ach is faoin bhfoghlaimeoir atá sé na hullmhúcháin chuí a dhéanamh dos na scrúduithe. Clúdófar réimse leathan d'ábhair: an Ghaeilge labhartha, gramadach na Gaeilge, cluastuiscint, léitheoireacht agus eile. 

Is córas scrúdaithe é seo d’fhoghlaimeoirí fásta Gaeilge. Tá baint aige leis an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach do Theangacha (Comhairle na hEorpa, 2001).  Scrúdaítear na ceithre scil: Labhairt, Cluastuiscint, Léamhthuiscint agus Scríbhneoireacht.  Tá na scrúduithe ar fáil faoi láthair ag cúig leibhéal ó Bhonnleibhéal 1 (A1) go hArdleibhéal 1 (C1). Beidh scrúdú ar fáil ag Ardleibhéal 2 (C2) amach anseo. Tuilleadh eolais: www.teg.ie

 

TeastasEorpachnaGaeilge

Conradh na Gaeilge

6 Harcourt Street, Dublin 2.
Phone: +353 (0) 1 475 7401, Fax: +353 (0) 1 475 7844, Email: This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it.