Conradh na Gaeilge

Nuacht

Agus Conraitheoirí ag saothrú ar son na teanga, is minic go mbíonn muid ag plé leis na meáin chumarsáide. Tá gach preasráiteas agus gach nuachtlitir de chuid an Chonartha le fáil thíos agus má tá breis eolais de dhíth, bí i dteagmháil le foireann na hArd-Oifige.

Nuachtlitreach


Preasráiteas


Bain Leas As Lascaine an Fhómhair!

07/09/10

Cuirfear tús le ranganna oíche Chonradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath an tseachtain dár tús 28 Meán Fómhair 2010 agus tá praghas laghdaithe á chur ar fáil do dhaoine dífhostaithe arís i mbliana.

Ar Lean »

Oíche Chultúir sa Cheannáras

18/08/10

Agus Oíche Chultúir 2010 Átha Cliath á seoladh go hoifigiúil ag Mícheál Ó Muircheartaigh inniu, Dé Céadaoin, 18 Lúnasa 2010, is cinnte go mbeidh an ceiliúradh cultúir i gCeannáras Chonradh na Gaeilge ar an Aoine, 24 Meán Fómhair 2010, ar an gceiliúradh Gaeilge is mó san ardchathair mar chuid den Oíche Chultúir go dtí seo!

Ar Lean »

Glúin Nua na Gaeilge sa Siopa Leabhar

16/08/10

Tá athraithe móra i ndán do cheann de na hinstitiúidí Gaeilge is mó clú air sa tír - An Siopa Leabhar de chuid Chonradh na Gaeilge ar 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2 - faoi stiúir an bhainisteora nua, Daragh Ó Tuama, agus an chúntóra úir aige, Cian Taaffe.

Ar Lean »