Conradh na Gaeilge

Imeachtaí

Oliver Diviney ag seoladh An Satharn sa Chlub

Club Árus na nGael

15/05/10
Oliver Diviney ag seoladh An Satharn sa Chlub

Tá áthas an domhain ar Chlub Áras na nGael seoladh a dhéanamh ar sheisiún seachtanúil cheoil traidisiúnta. As seo amach beidh seisiún cheoil traidisiúnta den scoth ar siúl gach oíche Shathairn.

Beidh Oliver Diviney agus cairde linn do sheoladh na hoíche ar an Satharn 15 Bealtaine ó 9.30 i.n. ar aghaidh. Is ceoltóir iontach cumasach é Oliver a sheineann an bosca ceoil agus tá clú agus cáil bainte amach aige ar fud na tíre. Is as Órán Mór do Oliver agus bhuaigh sé an comórtas sinsearach ar an mBosca Ceoil ag Fleadh Cheoil na hÉireann in 2004. Seinneann sé ceol breá bríomhar i stíl traidisiúnta. Tá rithim agus beocht ina chuid ceoil a mheallann na rinceoirí chun an urláir gan teip. Bíonn an-éileamh ar cheol Oliver ag féilte agus ag seisiúin ceoil ar fud na tíre. Seinneann sé go minic thart ar a cheantar dúchais, Droichead an Chláirín, i gCathair na Gaillimhe, i gCathair na Mart agus i gConamara, agus bíonn a chuid ceoil le cloisteáil go rialta ar Raidió na Gaeltachta. 

An Satharn dár gcionn 22 Bealtaine beidh Méabh Ní Thuathaláin agus Feilímí Ó Conchubhair ag seinm. Gealltar oíche den scoth le Méabh ar an bhfidil agus Feilímí ag seinm an gíotar agus corr phort ar an mbodhrán.

Is seisiúin oscailte a bheidh ar siúl sa Chlub gach Satharn agus tá fáilte mhór roimh cheoltóirí, éisteoirí agus damhsóirí. Tá súil go dtabharfaidh an oíche seo deis do phobal mhór Gaeilge na Gaillimhe agus go deimhin mórthimpeall a theacht le chéile i gcomhair oíche ceoil, craic agus spraoi trí Ghaeilge. Saorchead isteach.

Má tá suim agat a bheith ar liosta seoltaí nuashonraí an tseisiúin seachtanúil nó aon imeachtaí eile déan teagmháil le Gráinne ag 091 567824 nó arasnangael@eircom.net