Conradh na Gaeilge

Imeachtaí

Ceardlann agus Taispéantas Flamenco

Club Áras na nGael, 45 Sr. Doiminic

21/11/09
Ceardlann agus Taispéantas Flamenco

Ar an Satharn 21 Samhain beidh deis ag leantóirí Flamenco na Gaillimhe staidéar a dhéanamh i dteannta Felipe de Algeciras, a bhfuil cliú agus cáil bainte amach aige mar dhamhsóir agus mar chóragrafaí Flamenco.

Beidh ceardlann damhsa agus rithim ar siúl ag Felipe in Áras na nGael, 45 Sr. Doiminic ón 2.00 i.n go dtí 7.30 i.n. De bharr gné lárnach an rithim beidh an ceardlann seo feiliúnach ní hamháin do dhamhsóirí, ach freisin do cheoltóirí agus leantóirí Flamenco a theastaíonn uathu tuiscint níos doimhne a fháil ar na rithim chasta atá mar chroí don Flamenco.

Tar éis na ceardlanna, tá Felipe chun imeacht sóisialta a chur ar fáil i gClub Áras na nGael ina mbeidh damhsa agus ceol beo le taispéantas speisialta ó Felipe féin. Doirse ag oscailt ag 9.00 i.n. agus beidh táille €5.00 ar an dorais.

 Eagraíonn Peña Flamenca El Indalo na h'imeachtaí seo i bpáirtíocht le Fatima Lucia  Al-Andar. Sonraí iomlán le fáil ar suíomh idirlíon peña ag http://www.flamencoindalo.com/. Bíonn ranganna damhsa Flamenco ar siúl do gach léibhéal ag Fatima Lucia gach Máirt in Áras na nGael idir 7.00 agus 10.00 i.n. Tuilleadh eolas ó Natalie 087 7560978.

 

Eolas faoi Felipe de Algeciras

Is damhsóir agus córagrafaí Spáinneach é Felipe a bhfuil cliú agus cáil air. Tá seacht mbliana déag caite aige ag múineadh agus ag cur taispéantas Flamenco ar fáil. Tá obair déanta ag Felipe mar dhamhsóir agus córagrafaí ar roinnt scannáin. Ar fuaimrian "The Mask of Zorro” le Antonio Banderas, tá steipeanna Felipe le cloisteáil mar thionlacan rithim agus greadach do ghiotár Salvador Andrades agus Tito Heredia.

Sa scannán  “Dot the I” ina bhfuil Gael Garcia Bernal, d'oibrigh Felipe ar an seit agus rinne sé córagrafadóireacht ar phíosa flamenco do Natalia Verbeke, a rinneadh leis an amhránaí Olayo Jimenez agus an gíotáraí Tito Heredia.

 

Eolas faoi Peña Flamenca El Indalo

Bunaíodh Peña Flamenca El Indalo i 2009 mar eagraíocht gan bhrabús a bhfuil dílíseach do chur chun cinn na healaíona agus cultúr flamenco in Éirinn. Trí chomhoibriú dlúth leis na healaíontóirí agus na hinstitiúidí sa Spáinn, sí an aidhm atá ag an peña ná feasacht a chothú don fhoirm ealaíona paiseanta, ildisciplíneach seo ar fud na hÉireann, agus chun tacaíocht agus spreagadh a thabhairt do fhorbairt phobal na flamenco aficionados.