Conradh na Gaeilge

Imeachtaí

Scéalaíocht le Máirín MhicLochlainn

Áras na nGael, Seomra Ranga

21/11/09

Ionad: Club Áras na nGael, 45 Sr. Doiminic

Dáta: Satharn 21 Samhain 2009

Am: 2.00 - 5.00 i.n

Seo deis do mhuintir na Gaillimhe roinnt seanscéalta gaelacha a

chloisteáil ó bhean a fuair ón mbéaloideas iad.

Máirín MhicLochlainn ó Chonamara a bheidh ag scéalaíocht. Mairfidh an

scéalaíocht féin timpeall uair an chloig, ach glacfaidh sí sos nó dhó,

agus beidh deis ag daoine ceisteanna a chur uirthi ag an deireadh. Mar

sin, timpeall dhá uair a mhairfidh an seisiún iomlán.

An uair seo, inseoidh Máirín scéal nach maireann níos mó ná uair a

chloig, agus má tá lucht éisteachta ann dá leithéid, beidh an-áthas

uirthi leanúint ar aghaidh le sraith seisiún scéalaíochta ina

n-inseoidh sí na Scéalta Fiannaíochta atá aici óna h-athair. Scéalta

iad seo a mhaireann níos mó ná uair amháin, agus mar sin glacfaidh sí

níos mó ná seisiún amháin chun iad a insint.

Fáilte roimh chách