Imeachtaí
Oíche na bhFoghlaimeoirí-Rás Aigéin Volvo
Club Árus na nGael
27/05/09 - 03/06/09
Bíonn Oíche na bhFoghlaimeoirí ar siúl i gClub Áras na nGael gach Céadaoin. Is seo deis iontach duit má theastaíonn uait do chuid Gaeilge a fheabhsú. Cuireann Conradh na Gaeilge an oíche seo ar fáil do dhaoine ar mian leo greim níos fearr a fháil ar an dteanga i dtimpeallacht taitneamhach neamhfhoirmeálta. Bíonn an áisitheoir Éilis Ní Dhúill ar fáil ar an oíche chun cabhrú tús a chuir leis an gcomhrá agus chun aon cheisteanna faoin dteanga a fhreagairt. Tá fáilte roimh aon duine ar mian leo cúpla focal a fhoghlaim nó is féidir a theacht i láthair chun éisteacht le fuaim agus sruth álainn na Gaeilge.




