Conradh na Gaeilge

Imeachtaí

OA2-Rás Aigéin Volvo

Club Árus na nGael

29/05/09 - 05/06/09
Ón uair gur bhris Club OA2 amach ar urlár na gclubanna cúpla bliain ó shin, tá dea-chlú bainte amach acu mar cheann de na hoícheanta ceoil domhanda is fearr i nGaillimh. Geallann DJs cónaithe Ben Ó Faoláin agus Will Softly, in éineacht le aoi-DJs, an cheol comhthaithe domhanda is fearr gach oíche Aoine. Nochtann an irisleabhar G duit 'rún na gclub - OA2 ar Shráid Doiminic...tá an club seo sainiúil de bharr an atmaisféar taitneamhach agus pearsanta...le réimse ceoil ó funk, hip-hop chuig buillí domhanda...is beag ionad gur féidir leo a leithéid d'oíche a chur ar bun ach labhraíonn an oíche dó féin mar ní bhionn air braith ar chórais ceoil casta chun a lucht leanúna dílis a shásamh. Ar ndóigh ní féidir atmaisféar a cheannacht" Buail isteach chuig Club OA2 agus bí páirteach san oíche cheoil domhanda seo.