Imeachtaí
The Rye-Rás Aigéin Volvo
Club Árus na nGael
Déardaoin 28 Bealtaine / 4 Meitheamh, 8.30 i.n., €6
Ná caill banna beo osnádúrtha The Rye ag seinm i gClub Áras na nGael le sraith gigeanna le linn do Rás Aigéin Volvo a bheith anseo sa Ghaillimh. Tá clú agus cáil bainte amach acu de bharr a seónna beo a bhíonn lán d'fhuinnimh. Gealltar go mbeidh na gigeanna seo i measc an siamsaíocht is fearr le linn an ócáid bhádóireachta mórthaibhseach seo! Cé go bhfuil ceol The Rye iontach uathúil, tugadh cur síos orthu mar 'mheascán fuinneamh Na Pogues le glór Tom Waits'. Cuireann Mike Farragher de chuid an Irish Voice i Nua Eabhrac mar seo é: "Caitheann siad le chéile fonnta roc nua-aimseartha in éineacht le seinm traidisiúnta den scoth agus ‘turn on a dime chops' nach bhfeicfeá ach go hannamh lasmuigh de chlub shnagcheoil in íochtar Mhanhattan. Ní hamháin go bhfuil talann iontach acu deirtear go bhfuil sé 'de chumas acu deilbh a chur ag rince'! Mar sin buail isteach chuig Club Áras na nGael i gcomhair oíche shiamsaíochta agus cheoil den scoth. Beidh bannaí éagsúla ag tabhairt tacaíochta gach oíche. Is féidir ceol The RYE a sheicéail ar www.myspace.com/theryeband.




