Conradh na Gaeilge

Craobh

Aimsigh an chraobh is cóngaraí duitse in Éirinn ar an léarscáil thíos nó trí chliceáil ar an tír ina bhfuil cónaí ort.
Club Áras na nGael

1241085868pb170031 

I bhfolach ar chúl Áras na nGael, Chonradh na Gaeilge i nGaillimh ar 45 Sráid Doiminic, gheobhaidh tú an bealach isteach chuig an sceach gheal Ghaelach! Club Áras na nGael is ainm don chlub sóisialta Ghaelach seo, agus bíonn rogha leathan d'imeachtaí ar siúl sa chlub beagnach gach oíche den tseachtain.

Dé Luain: Ranganna Damhsa ar an Sean-Nós

Ranganna damhsa do thosaitheoirí, feabhsaitheoirí agus meánrang ón 7.00 - 10.00 i.n. Fiú muna bhfuil tú cláraithe do na ranganna tá fáilte mhór roimh aon nduine a theacht agus taitneamh a bhaint as féachaint ar na ranganna.  

Dé Máirt: Oíche Airneáin sa Chathair

Ar an dara Máirt den mhí beidh oíche airneáin ag tosnú i mí na Samhna. Beidh tuilleadh eolais le fáil amach anseo.

Dé Céadaoin Oíche na bhFoghlaimeoirí

Bíonn oíche na bhfoghlaimeoirí ar siúl i gClub Árus na nGael gach Céadaoin (8.00in) le haghaidh foghlaimeoirí na Gaeilge atá ag iarraidh deiseanna eile chun an Ghaeilge a labhairt go rialta, in atmaisféar taitneamheach neamhfhoirmeálta. Tá múinteoir/ áisitheoir i láthair gach seachtain. Níl aon táille i gceist agus tá fáilte roimh chách.

Déardaoin Oíche na Mac Léinn

Tóg sos ón staidéar agus buail isteach chuig Club Áras na nGael i gcomhair Oíche na Mac Léinn. Ceol, craic agus deochanna breá saor!!! Saorchead isteach.

Dé hAoine Club Oa2

Tháinig Club Oa2 ar fhód shaol na gclubanna cúpla bliain ó shin i gClub Áras na nGael. Tá dea-chlú bainte amach ag an gclub anois mar cheann de na hoícheannta ailtéarnach is fearr i nGaillimh faoi láthair. Bíonn DJaithe Tí Oa2, Ben Ó Faoláin agus Will Softly ag casadh an scoth de cheol domhanda comhnasctha, tá an club cairdiúil agus gan mhórtas; rún is daingne na Gaillimhe.

Dé Sathairn Ceol Traidisiúnta

Má tá ceol traidisiúnta Ghaelach dhá lorg agat, bíonn seisiún ceoil thraidisiúnta den scoth ar siúl gach Oíche Shathairn. Is seisiún oscailte é seo, agus tá fáilte roimh ceoltóirí, éisteoirí agus damhsóirí. 

 


Club Áras na nGael,

45 Sráid Doiminic

Gaillimh

conradh@bradan.iol.ie

091 567824 

45 Sráid Doiminic, Gaillimh
091 567824
Gaillimh
« Siar