Skip to main content

Ár dTeanga Chomhroinnte

Posted in Feachtais Reatha.

Ár dTeanga Roinnte: Bunús, Éabhlóid agus Forbairt na GaeilgeTá an ócáid ​​seo críochnaithe i mbliana agus tá an clárú dúnta

 

Tá ár scéim ardú feasachta agus chultúir Ár dTeanga Chomhroinnte sna scoileanna ó thuaidh i mbliana, agus tá ag éirí go geal leis an tionscadal arís. Tagann maoiniú agus tacaíocht leis an scéim seo a reáchtáil ón Roinn Gnóthaí, Eachtracha agus Trádala.

Fiostaíonn an scéim fhaisnéiseach seo:

  • an nasc idir logainmneacha áitiúla agus an Ghaeilge;
  • an nasc idir sloinnte agus an Ghaeilge;
  • an ceangal idir an Ghaeilge agus teangacha eile;
  • stádas na Gaeilge; agus
  • an borradh atá tagtha ar an Ghaeilge le blianta anuas.

Leabhrán Ár dTeanga Chomhroinnte

Is féidir Ár dTeanga Chomhroinnte: Bunús, Éabhlóid agus Forbairt na Gaeilge, lámhleabhar na scéime, a íoslódáil pdfanseo.

Teagmháil

Tá Ár dTeanga Chomhroinnte á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge arís i mbliana.

Más suim leatsa an scéim a reáchtáil i do cheantar féin, déan teagmháil le Cuisle Nic Liam ag Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. nó ar +447 851 024 581.

Ár dTeanga Roinnte

Camchuairt na Scoileanna

Cuireadh tús le camchuairteanna ag dul thart ar bhunscoileanna agus ar iar-bhunscoileanna Béarla faoin bhabhta seo den scéim i mí Dheireadh Fómhair 2019.

Mairfidh an scéim go deireadh mhí an Mhárta 2020. Chomh maith le scoileanna, beidh muid fosta ag díriú ar chumainn óige agus eagraíochtaí nó grúpaí pobail.

Seó Bóthair

Socraítear mórimeacht dar teideal Seó Bóthair in achan chontae ar a mbíonn fáilte roimh dhaoine idir óg agus fhásta freastal. Is éard ata i gceist leis an Seó Bóthair ná ranganna Gaeilge agus léachtanna gairide dátheangacha ar oidhreacht agus cultúr na hÉireann. Eagraíodh na ceardlanna seo a leanas níos luaithe i mbliana, agus tá tuilleadh beartaithe don bhliain amach romhainn.

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.